Gaeltacht Fhánada le Séan O Dorraidhéan
Leithinis is ea Fánaid i dtuaisceart Dhún na nGall idir cuan na Maoil Ruaidhe ar an taobh thiar agus Loch Suilí ar an taobh thoir. Luíonn Gaeltacht Fhánada ar chósta thuaidh na leathinse seo ar bhruach an Atlantaigh, ag sineadh ón Dumhach Mór san iarthar go dtí an Dumach Bheag san oirthear- sin stráice caol talaimh timpeall 6 mhíle ( 9 km) ar leithead agus 2 mhíle (3km) ar fhaid. Níl ach thart fá aon trian de pharóiste Fhánada sa Ghaeltacht. Tá pobal na Gaeltachta lonnaithe taobh istigh den dá thoghroinn cheantair- Fánaid Thuaidh agus Fánaid Thiar.

Gaeltacht FhánadaMeath na Teanga
Ta titim mhór tagtha ar dhaonra na Gaeltachta le 100 bliain anuas. Do réir figiúrí an daonáireamh ó 1901 bhí 3018 daoine ina gconaí i nGaeltacht Fhánada : in 1936 thit an uimhir seo go 2233: in 1991 bhí 1229 daoine ann: in 1996 thit sé go 1163 agus faoi lathair, bheadh níos lú na 1000 sa Ghaeltacht.  Taispéanann na figiurí seo gur tharla titim mhillteanach san daonra. Cad a ba chúis leis seo. Easpa fostaíochta is dóiche, a chuir tús le himirce, an chúis ba mhó.  Bhí an imirce i gconaí ann ó am an Ghorta Mór ( 1847 ar agaidh), ach is sna daichaidí agus sna caogaidí den 20ú céad a tharla an imirce ba mhó. D’imigh a lán daoine go Sasana, Albain agus Meiriceá. Bhí pócaí móra de mhuintir Fhánada i Londain, i gCorby ( sna steel works ), i nGlaschú, i Nua Eabhrac, Philadelphia agus Pittsburgh.

Oideachas san Ghaeltacht
San 19ú Aois bhí scoileanna ag Tulach Chonaill, Fán a’ Bhualtaigh, Baile Láir, Baile Mhichéail agus Caiseal. Suas go 1972 mhair trí scoil sa Ghaeltacht – Baile Mhichéail, Baile Lair agus Caiseal. Ach comhnascadh an trí scoil in 1972 agus níl ach bunscoil Ghaeltachta amháin fágtha anois, Scoil Mhuire Caiseal. Idir na trí scoileanna seo bhí timpeall 200 daltaí ar na rollaí thart fá 1950 ach anois tá níos lú ná 60 i Scoil Mhuire Caiseal. Déanann paistí ón Ghaeltacht seo freastal ar an dá mhéanscoil i mBaile na nGallóglach ach níl sruth Gaeilge ar bith iontu seo. Is cinnte nach gcuidíonn seo le caomhnú na Gaeltachta. Maidir le staid na Gaeilge is cinnte go bhfuil sí ag dul i laige. Suas go deireadh an 20ú céad thug an rialtas deontas £5 i chead uair agus ansin £100 do theaghlaigh a labhair Gaeilge sa bhaile.  Ach cuireadh deireadh leis an scéim seo agus cinnte sin rud eile nár chuidigh le beocht na Gaeilge.

Gaeltacht Bheo Fhánada
Timpeall 2006 bunaiodh Gaeltacht Bheo fhanada, eagraíocht a bhfuil sé d’aidhm acu an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a athbheochaint. Déantar ranganna a mhuineadh do dhaoine fásta. Tógadh ainm chlocha thart fá na mbailte fearainn sa Ghaeltacht, bailíodh logainmneacha de roinnt de na Bailte fearainn, déantar Seachtain na Gaeilge a reachtáil i mí Mhárta agus bunaíodh Craobh de Chomhaltas Ceoltoirí Éireann. I 2015 bhain Gaeltacht Bheo duais mhor san chomórtas náisiúnta ‘Mortas cheantair’ ( Pride of Place). Tá muid ag glacadh páirt san Chomórtas ‘Glór na nGael’ agus tá pleananna leagtha amach a chuideoidh go mór leis an Ghaeilge agus an cultúr a chaomhnú agus a neartú.