Ag Ithe Amuigh

smacap_Bright

Tá Dún na nGall ag dul i dtreo ceann scríbe bia go hiontach gasta agus tá saibhreas d’áiseanna bia sármhaith i leithinis Fhánada agus sna ceantair máguaird.

Tá cáil ar Éirinn atá tuillte go maith aice do tháirgí áitiúla a fásadh sa réigiún. Tig leat an chuid is fearr de bhia traidisiúnta agus de bhia nua-aimseartha na hÉireann a fháil i nDún na nGall – ó bhradán móindheataithe go gliomach úr as an fharaige, ó mhairteoil saor-raoin go glasraí atá fásta go horgánach, ó mhuisiriúin fhiáin a baineadh go feamainn lámhbhailithe.

Fosta, tá beoir cheirde agus tionscal biotáille ag fás sa chontae.

dav

Caife an Tí Solais againn ar an suíomh, ag ofráil réimse tae, caife, béilí beaga, oighear agus báicéireacht baile.

Faoi choinne béile a bhfuil cothú ann, seo liosta de chaifí agua bialanna áitiúla.

(Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbfhéidir go mbeadh mórán de na bialanna druidte nó ag reáchtáil ar sheirbhís theoranta le linn na míonna le linn an tseasúir chiúin. Mar sin de, seiceáil uaireanta oscailte leis an ionad nuair a thugann tú cuairt.)

The Lighthouse Tavern / Tábhairne an Tí Solais  (1.2km)

Cuirfear fáilte áitiúil romhat sa teach tábhairne is cóngaraí dúinn, a fhreastalaíonn bia chomh maith. Níl sé siúl deich mbomaite suas an bealach faoi choinne radharcanna iontacha den teach solais ó ghairdín an tábhairne a fháil. Tá tine teolaí ag fanacht leat.

http://www.facebook.com/fanadlighthousetavern

+35374 91 59212

The Fanad Lodge / Lóiste Fhánada  (6.7km)

Bialann agus tábhairne. Bia maith, seirbhís ar dóigh agus radharcanna galánta. Oscailte i rith na bliana. Tá leaba agus bricfeasta ar fáil fosta.

http://www.facebook.com/fanadlodge.fanadlodge/

+35374 91 59057

The Pier Restaurant, Portsalon / Bialann na Cé, Port an tSalainn   (12km)

Lonnaithe i aice le port álainn Phort an tSalainn, freastalaíonn Bialann na Cé réimse de bhia sármhaith i dtimpeallacht atá cóirithe go cluthar agus maisithe go cúramach, le raharcanna aoibhne ar an fharraige. Ina dhiaidh sin, ba chóir duit a dhul isteach i dTábhairne ‘seanfhaiseanta’ Stores, a bhfuil dúil ag na daoine áitiúla agus na cuairteoirí araon ann faoi choinne pionta Guinness ag an tine oscailte.

www.facebook.com/thepierrestaurantportsalon/

+35374 91 59135

Portsalon Golf Club Restaurant / Bialann an Chlub Gailf, Port an tSalainn    (12km)

Tá bialann breá mór i gClubtheach an Chlub Gailf i bPort an tSalainn, atá oscailte do ghalfairí agus daoine nach n-imríonn gailf araon. Freastalaítear béilí breá blasta agus tá beár lán ann. Lonnaithe in aice an galfchúrsa agus an trá.

+35374 91 59459

The Narrow Quarter, An Cheathrú Chaol (19.4km)

Buaiteoir iomlán na nDámhachtainí do Chaifí na hÉireann 2019.

Cuireann Biostró & Teach Caifé an Narrow Quarter ar fáil atmaisféar socúlach chun sult a bhaint as bia simplí áitiúil. D’oscail an gnó i mí Aibreáin 2018 agus chuaigh sé ó neart go neart ó sin. Tá sé mar aidhm ag an biostró úsáid a bhaint as an méid comhábhair áitiúla agus is féidir, cibé feoil ón bhúistéir áitiúil nó bradán deataithe ón teach deataithe áitiúil.

I míonna an tsamhraidh osclaíonn an biostró do sheirbhís dinnéir Dé hAoine & Dé Sathairn, ag ofráil biachlár tráthnóna snasta ach réchúiseach.

http://www.facebook.com/TheNarrrowQuarter

+35374 91 50764

Ripples Restaurant, Bialann Ripples, An Cheathrú Chaol (20.2km)

Oscailte do bhricfeasta, lón agus dinnéar i rith na séasúir, is gnó teaghlaigh atá i mBialann Ripples lonnaithe os cionn An Mhaoil Rua. Faightear na diúilicíní agus na muiríní ón Mhaoil Rua. Filleann daoine aitiúla agus turasóirí arís agus arís eile chun a mbéilí speisialta séasúracha a bhlaiseadh. Tugann bia den scoth agus seirbhís chustaiméara maith eispéireas itheacháin nach ndéanfar dearmad air go deo i suíomh álainn.

+35374 91 50110

+35385 7667858

The Goose & Gander Pizzeria, na Dúnaibh (23km)

Lonnaithe i sráidbhaile na nDúnaibh, trasna ar dhroichead Harry Blaney ar an chead leithinis eile, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar pizzeria an Goose & Gander. Píotsaí adhmadbhreoslaithe le meascán cruthaitheach. Oscailte sa tráthnóna amháin, 6-9i.n.

 

https://www.facebook.com/LoguesbarGandG/

+35374 91 55009

The Travellers Inn, Baile na nGallóglach (26km)

Gnó teaghlaigh atá sa bheár agus sa bhialann atá i gceartlár Bhaile na nGallóglach, a bhfuil oidhreacht 150 bliain aige. Táirgí a fhaightear go háitiúil. Gairdín beáir agus siamsaíocht rialta sa tráthnóna.

http://www.thetravellersinn.com

+35374 91 63499

 Belles Kitchen, Ráth Maoláin  (29km)

Is caifé / biostró nua-aimseartha é Belles Kitchen atá lonnaithe ar Bhóthar na Cé nach bhfuil ach 20 méadar ó thrá, ché agus muiríne Ráth Maoláin. Stop anseo faoi choinne cuid den iasc úr is fearr a gheobhaidh tú in Iarthuaisceart Dhún na nGall. Go minic, bíonn scúaine ag fanacht – comhartha d’ardchaighdeán i gcónaí. Tá biachlár a la carte agus smailce fíormhaith ar fáil i mBelle’s Kitchen. Tá siad aitheanta go háitiúil agus ó chuairteoirí a thagann ar ais faoi choinne á seirbhís mhaith, á mbiachlár fairsing, a mbia ar chostas réasúnta agus “atmaisféar galánta”.

www.rathmullanrestaurants.com

www.facebook.com/Belleskitchen12/

+35374 91 58800

An Bonnán Buí, Ráth Maoláin (29km)

Ofrálann An Bonnán Buí meascán suntasach de bhéilí Éireannach, Eorpach agus Meiriceá Theas i suíomh teolaí i sráidbhaile Ráth Maoláin. Tá sé molta go hard ag treoraithe cócaireachta, macasamhail Georgina Campbell agus Bridgestone. Chomh maith le sin, cuireann An Bonnán Buí ar fáil taispeántas ilmheáin ar Imeacht na nIarlaí stairiúil.

https://www.anbonnanbui.ie/

https://www.facebook.com/anbonnanbuicafe/

+35374 91 58868

The Beachcomber Bar, Ráth Maoláin (29km)

Lonnaithe ar imeall na farraige i Ráth Maoláin, tá cuid de na radharcanna is fearr le fáil ag an Beachcomber, ag amharc trasna ar An Inis agus ar Inis Eoghain. Tá biachlár ann do bhéilí ón bheár, gairdín beáir agus oícheanta rialta ceoil.

www.thebeachcomberbar.com

+35374 91 58080

Rathmullan House, Teach Ráth Maoileáin (29km)

Is óstán galánta seanré 4-réalt é Rathmullan House ar chladach Loch Súilí, ag freastail bia i mbeár  Batt’s, i mbialann Cook & Gardener, agus an Tap Room i gcomhair píotsaí clochbhácáilte agus beoir áitiúil Kinnegar. Tá an biachlár lán de tháirgí óna ngarraí daingean. Ní miste cé acu a ba mhaith leat ithe go foirmeálta nó go neamhfhoirmeálta ardleibhéil, is cinnte gurb é Rathmullan House an áit le peata ceart a dhéanamh duit féin.

https://www.rathmullanhouse.com

+35374 91 58188

 

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Covid-19 Update

Fanad Lighthouse will remain closed for tours until further notice. Accommodation is due to reopen on July 20th as per Phase 4 of current government guidelines.

Scroll to Top