Caifé - Siopa

Bí linn i gCaifé an Tí Solais in Ionad na gCuairteoirí, áit a dtig leat rogha taenna, sainchaifí, uachtar reoite agus traemhilseoga déanta sa bhaile a fháil. Tá roghanna caife gan aon táirge déiríochta iontu agus uachtar reoite veigeánach againn fosta. Sóláistí ar dóigh roimh nó i ndiaidh do thuras.

Suigh síos agus cuir uair a chloig thart ag amharc amach ar cheann de na radharcanna is fearr in Éirinn, ag amharc ar thonna fiáine an Atlantaigh ag teacht agus ag imeacht. Thig leat suí taobh amuigh agus sult a bhaint as na radharcanna, ag amharc amach faoi choinne éanacha mara agus fiadhúlra. Ag Ionad na gCuairteoirí tá suíocháin againn lasmuigh atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

sdr_HDRB

'Ag tuile is ag trá a chaitheann an fharraige an lá'

(seanfhocal)

Inár Siopa Ceardaíochta tá cuid mhór táirgí Éireannach againn, an mhórchuid foinsithe go háitiúil, neamdhíobhálach don timpeallacht agus lámhdhéanta. I measc ár réimse, tá gallúnach Dhún na nGall, Bréidín Dhún na nGall, maighnéid adhmaid, cártaí agus priontaí, péintéireacht, leabhair, pinn lámhdhéanta, seodra, éadaí, bábóga agus béiríní bréige, ceardaíocht lámhdhéanta agus go leor eile.

Seans ar dóigh le bronntanas sainiúil a fháil do dhuine éigin, nó cineál a dhéanamh ort féin!

Mura bhfuil tú ábalta a theacht tú féin, is féidir réimse beag earraí a cheannacht ónár siopa ar líne anseo.

Tá ár siopa oscailte i rith na bliana, ag na gnáth-uaireanta oscailte dúinn.

dav

Táimid tiomanta do pholasaí stuama timpeallachta agus déanaimid gach uile iarracht chun laghdú, athúsáid agus athchúrsáil a dhéanamh.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Tá iomlán ár gcupaí le tabhairt leat déanta as ábhar plandaí in-bhithmhillte agus muirínithe.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Ní dhíolann muid buidéil plaisteacha nó málaí plaisteacha ar an suíomh.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Ofrálann muid lascaine 20% dóibh siúd a bhaineann úsáid as a gcuid cupaí féin i gcomhair tae nó caife.

dav

Tá páirceáil saor in aisce agus tá áit páirceála inrochtana againn agus neart páirceála do rothair.

Covid-19 Update

Due to current COVID-19 restrictions we are temporarily closed to visitors. For accommodation enquiries please contact info@fanadlighthouse.com.

Scroll to Top