test

Faoi Teach Solais Fhánada

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Is fiontar sóisialta neamhbhrabúis atá i dTeach Solais Fhánada, atá reachtáilte ag coiste deonach áitiúil, Forbairt Fhánada Teoranta. Is í an áit shuaitheanta is mó a thaitníonn le turasóirí í leithinis Fhánada, ceantar ina bhfuil áilneacht nádúrtha ar fheabhas agus a bhfuil mórán le hofráil don chuairteoir – tránna gainmheacha cúlráideacha, siúlóireacht agus cnocadóireacht, cadhcáil, galf, iascaireacht, agus fáilte chroíúil Dhún na nGall.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Tá Teach Solais Fhánada ina theach oibre solais íocónach ag béal Loch Súilí. Vótaladh é mar cheann de na tithe solais is áilne sa domhan, agus tá sé éasca go leor é sin a thuiscint. Bíonn grianghrafadóirí ansin go rialta ag glacadh pictiúir fíorálainn, atmaisféarach den struchtúr corraitheach seo agus an cósta fiáin atá thart air.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Tá Cionn Fhánada ar cheann de thrí phointe Sár-Radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Tá Teach Solais Fhánada in theach oibre solais ón bhliain 1817. Tá sé oscailte don phobal mar áit a mbíonn an-tóir ag turasóirí air ón bhliain 2016, agus chomh maith le sin cuireann sé lóistín thar oíche ar fáil i dtrí dteachín de chuid coimeádaithe an tí solais atá athchóirithe go galánta.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Ófrálann muid turais lántreoraithe, áit a gcluinfidh tú gach uile rud faoin teach solais agus an túr a dhreapadh i gcuideachta treoraí áitiúil. Lena chois sin, cuireann muid fáilte roimh turais grúpa le coinne i rith na bliana.

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Foghlaim níos mó faoin ár dturais treoraithe anseo, agus ár lóistín speisialta anseo

le-phare-de-kereon-lighthouse-france (1)

Amharctar go forleathan ar Dhún na nGall mar sméar mhullaigh na hÉireann, ceann spríde ar chúl éaga le háiteanna atá fiáin agus álainn le haimsiú. Ónár bPáirc Náisiúnta álainn i nGleann Bheatha go suíomh Star Wars i gCionn Mhálanna, beanna farraige Sliabh Liag, oirthear agus iarthar na Gaeltachta (ina labhartar an Ghaeilge), sléibhte na hEaragaile agus na Mucaise, sraith d’oileáin aoibhinn agus de bhailte oidhreachta – ní iontas ar bith é gur vótáladh Dún na nGall mar “Coolest Place on the Planet” (National Geographic Traveller, 2017).

Photo by: Eimhear Collins Photography
Photo by: Eimhear Collins Photography

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Covid-19 Update

Fanad Lighthouse will remain closed for tours until further notice. Accommodation is due to reopen on July 20th as per Phase 4 of current government guidelines.

Scroll to Top