Lóistín ag Teach Solais Fhánada

An raibh a fhios agat go dtig leat fanacht thar oíche i dTeach Solais Fhánada?

Samhlaigh bheith ag amharc ar an gha gréine ag soilsiú thar an leithinis nuair atá an dorchadas ag titim. Múscail le fuaim na mara agus glórtha na n-éanacha mara. Taiscéal radharc tíre álainn garbhshnoite Fhánada agus iarthar Dhún na nGall i rith an lae. Ansin neadaigh tú féin isteach ag taobh le tine the i do theach beag choimeadaí an tí solais sa tráthnóna. Is é seo áit shaoire nach ndéanfaidh tú dearmad de chóiche!

Fanad Lighthouse Accommodation

Tá lóistín i dTeach Solais Fhánada ar fáil i rith na bliana i dtrí theach a bhí ag na coimeádaithe solais roimhe seo agus iad uilig le radharc farraige iontach. Rinneadh iad a athchóiriú sa bhliain 2015 agus tá na tithe seo lán de charachtar traidisiúnta ach ag an am céanna ofrálann siad gach uile shócúlacht do áit saoire den scoth.

Glac leis an fhiántas sa suíomh álainn seo agus bíodh díthocsainiú dhigiteach agat as saol an lae inniu.

Tá an chóiríocht sa teach solais féinfhreastail le cistini atá feistithe go hiomlán. Beidh an tine réidh le lasadh nuair a thiocfaidh tú agus cuirtear breosla, líneadach agus tuaillí ar fáil. Tá iosmhéid de dhá oíche i gceist. Gheobhaidh gach aoí turas treoraithe iomlán dár dteach oibrithe solais.

Tabhair faoi deara, le do thoil, níl aon wi-fi ar fáil sna tithe, ach is féidir é a fháil áit eile ar an suíomh.

IMG_20191204_135702

RADHARC DÚIN RIABHAIGH (codladh do bheirt)

D’fhan Brendan Behan, an drámadóir clúiteach Éireannach, i nDún Riachach nuair a chaith sé seal anseo mar phéinteir do Shoilse na hÉireann. Inniu, ofrálann Radharc Dúin Riabhaigh do dhomhan féin duit i dteach beag teolaí rómánsach nach bhfuil áit chodlata ann ach díreach do bheirt. Bain sult as do chaife maidine ar do phaitió príobhaideach féin agus bain spreagadh as Loch Súilí stairiúil, cnoic Fhánada, an cósta garbhshnoite agus an trá iargúlta ar a dtugtar Trá Bán. Sa tráthnóna cuach tú féin suas le do ghrá geal nó le leabhar mhaith os coinne tine móna. Pleanáil do shaoire suaimhneach inniu…

RADHARC INIS TRÁ THOLL (codladh do 2 - 4)

Is teach beag galánta féinfhreastail é Radharc Inis Trá Tholl a bhfuil áit chodlata ann do cheathrar. Tá radharc álainn ann ar oirthear Loch Súilí. Ba é seo an teach cónaithe a bhí ag an coiméadaí príomha den teach solais. Tabhair chun cuimhne arís saol an choiméadaí ach le háiseanna nua-aimseartha sa teach athfheistithe galánta seo nó bíodh siúl thart agat ar ár dteach oibre solais seo atá ar fheabhas. Bí ag coimhéad faoi choinne na míolta móra agus – ag an am ceart den bhliain – na Saighneáin. Tá saoire go hiomlán suaimhneach ag fanacht leat...

 

RADHARC THORAÍ (codladh do 4)

Bí ag amharc amach ar an ghrian ag éirí os cionn an Fharraige Atlantaigh i dteach beag ar a dtugtar Radharc Thoraí. Tig le ceathrar codladh anseo – tá seomra dúbáilte agus seomra le dhá leaba anseo. Bain sult as an chistin mhór tuaithe agus áit itheacháin. Tá radharcanna áille ó gach taobh – tá an chistin ar aghaidh an deisceart i dtreo sléibhte Fhánada agus an Trá Bán agus tá na seomraí leapa ar aghaidh an Atlantaigh. Coinnigh do shúile oscailte do na Saighneáin. Ól gloine fíona le taobh an tine oscailte agus ansin socraigh tú féin isteach i do leaba rí shócúlach faoi choinne oiché chodlata bhrionglóideach. Tig leat do chuid eachtraí a phleanáil anois….

98d9cc8c-f99c-4ca5-a387-f780580b2e6c

Is Féidir do Pheata a Thabhairt Leat

Cur in iúl dúinn má tá tú ag iarraidh peata a thabhairt leat ag an am a dhéanann tú áirithint.

Dátaí ar Fáil & Áirithintí don Lóistín ag Teach Solais Fhánada

Dátaí ar Fáil & Áirithintí don Lóistín ag Teach Solais Fhánada

Ag Pleanáil do Shaoire

Ag smaointiú cén fhád ar chóir duit fanacht, nó cad atá le déanamh i bhFánaid? Ag smaointiú cén turais lae is féidir a ghlacadh agus Teach Solais Fhánada mar bhun-áit agat?

Amharc ar ár mír ‘Taiscéal’ i gcomhair rogha radharcanna agus gníomhaíochtaí sa réigiún. I bhFánaid tá saibhreas tránna, siúlóidí cósta agus cnoc, imeachtaí uisce-bhunaithe agus cúrsa gailf 18 poll in aice láimhe. Tá sráidbhailte pictiúrtha oidhreachta, macasamhail Ráth Mealtain agus Ráth Maoláin, sna ceantair máguaird. Gabh trasna droichead Harry Blaney go dtí leithinis Ros Goill faoi choinne turas lae ar do sháimhín só chun taiscéaladh a dhéanamh ar thuilleadh de radharcanna áille Dhún na nGall. Tabhair cuairt ar Leitir Ceanainn nó ar chathair Dhoire faoi choinne siopadóireachta, amharclann, gníomhaíochtaí do pháistí agus go leor eile. Gabh i dtreo an iarthair le cuairt a thabhairt ar Chaisleán na dTuath, Dún Fionnachaidh agus Corrán Binne, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, sléibhte an Earagail and na Mucaise, nó gabh i dtreo an oirthir le taiscéaladh a dhéanamh ar Ghrianan Aileach nó ar leithinis Inis Eoghain, suas go dtí an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn, Cionn Mhálanna.

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Covid-19 Update

Due to current COVID-19 restrictions we are temporarily closed to visitors. For accommodation enquiries please contact info@fanadlighthouse.com.

Scroll to Top