Oifigeach Margaíochta Turasóireachta – Tourism Marketing Officer
This post requires fluent spoken and written Irish. If that’s not you, please Tell Your Friends!
Tá post mar Oifigeach Margaíochta Turasóireachta á thairiscint ag Forbairt Fhánada CTR, d’iarrthóirí a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Post ar chonradh dhá bhliain atá á thairiscint. Beidh an té a cheapfar lonnaithe go príomha ag Teach Solais Chionn Fhánada i dtuaisceart Dhún na nGall.
Cur Síos Poist
Duine cumasach le cáilíocht tríú leibhéal i gceann de na réimsí seo a leanas : turasóireacht, / margaíocht / gnó, agus a léiríonn spéis i gcur chun cinn agus i bhforbairt na hearnála turasóireachta, a roghnófar.
Ní mór d’iarrthóirí ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge a bheith acu chomh maith le hardscileanna cumarsáide agus taithí ag plé leis na meáin sóisialta i gcúrsaí margaíochta.
Íocfar liúntas €28,000 – €32,000 sa bhliain, ag brath ar thaithí, leis an té a cheapfar.
Seol litir iarratais mar aon le Curriculum Vitae, roimh 5.i.n. Dé Luain 15 / 08 / 2022 chuig: eimear@fanadlighthouse.com
OIDEACHAS & Scileanna:
- Cáilíocht 3ú leibhéal i gceann de na réimsí seo a leanas: Turasóireacht, Margaíocht, Gnó,
- Eolas ar réimse leathan teicnící agus coincheapa margaíochta turasóireachta;
- Láncheadúnas tiomána bailí agus rochtain ar d’iompar féin;
- Tuiscint ar na meáin shóisialta & na hardáin dhigiteacha agus conas iad a úsáid mar uirlis bholscaireachta & margaíochta;
- Cumas chun:
- Oibriú i dtimpeallacht dírithe ar chustaiméirí,
- Oibriú go maith as a stuaim féin,
- A bheith oscailte agus fáilte a chur roimh fhaisnéis nua agus a bheith in ann déileáil le héilimh athraitheacha laistigh den timpeallacht oibre,
- Tascanna agus sceidil oibre a chur in ord tosaíochta ar bhealach éifeachtach.
Taithí inmhianach/Eolas Ábhartha Eile
- Tuiscint agus eolas maith ar an earnáil turasóireachta áitiúil;
- Tuiscint ar an earnáil turasóireachta náisiúnta agus ar na heagrais stáit atá ag plé leis an earnáil;
- Taithí ag bainistiú airgid agus sreabhadh ioncaim;
- Taithí ag déanamh iarratais ar fhoinsí maoine.
- Scileanna ríomhaireachta den scoth (msh Word, Excel, PowerPoint);
FREAGRACHTAÍ:
- Straitéis margaíochta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm do Theach Solais Fhánada
- Tionscnóirí turais a mhealladh go dtí teach an tsolais agus go Fánaid
- Suíomh idirlín a choinneáil suas chun dáta;
- Na meáin shóisialta a choinneáil cothrom le dáta go rialta;
- Poiblíocht dhearfach a chruthú;
- Ábhar bolscaireachta agus margaíochta a ullmhú, a phleanáil agus a fhoilsiú;
- Caidrimh maithe a fhorbairt agus a choinneáil leis na meáin ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta;
- Bainistíocht a dhéanamh ar phoiblíocht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear ullmhú agus socrú fógraí, preaseisiúintí agus agallaimh;
- Ionadaíocht a dhéanamh ag imeachtaí margaíochta/ bolscaireachta mar is cuí
- Freastal ar chruinnithe mar is gá chun an t-eolas is déanaí faoi thionscnaimh / gníomhaíochtaí margaíochta a chur ar fáil;
- Caiteachas a rialú agus a bhainistiú i gcomhréir leis an mbuiséad comhaontaithe;
- Tabhairt faoi aon dualgas gaolmhar eile de réir mar is gá.
Greasán/ Lionrú Foghlama
Tá an post seo á mhaoiniú faoi thionscnamh turasóireachta Údarás na Gaeltachta agus tá sé i gceist go mbeadh idir 10 – 15 oifigigh turasóireachta fostaithe faoin tionscnamh seo. An phríomhaidhm atá leis an tionscnamh seo ná foghlaim idir na rannpháirtithe go léir atá fostaithe faoin tionscnamh a roinnt agus go mbeidh siad ina mbaill den ghréasán foghlama.
Táthar ag súil, tríd an gcur chuige seo, go gcuirfidh an grúpa a bheidh ceaptha le tabhairt faoin obair dhúshlánach seo aithne ar a chéile sa gcaoi is go mbeidh deis acu a bheith ag foghlaim óna chéile.
- Go gcothófar muinín ina measc mar ghrúpa sa gcaoi is go mbeidh fonn comhoibrithe orthu agus go dtabharfaidh siad comhairle agus treoir ar a chéile de réir mar a bheidh a dtograí féin á bhforbairt acu.
- Go gcuirfidh an grúpa aithne ar cheannairí ó thograí straitéiseacha san earnáil seo, atá forbartha ar chaighdeán ard, in áiteanna eile ar fud na hÉireann agus thar lear.
Thar thréimhse dhá bhliain bheifí ag súil go mbeadh dea-chleachtas á fhorbairt agus á roinnt agus go mbeadh an grúpa ag foghlaim ó thaithí a chéile agus ó na tograí éagsúla, agus go mbeadh comhoibriú agus comhpháirtíocht á chruthú agus á chothú.
BAINISTÍOCHT: Beidh an t-oifigeach freagrach don bhainisteoir
Dáta Deiridh:
Is é an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh ar an bpost ná 15/08/2022 2022
Seol cv agus litir iarratais chuig eimear@fanadlighthouse.com.