Níos Faide Ar Shiúil

Ag smaointiú cén fhad ar chóir fanacht, nó cad iad na turais lae i nDún na nGall agus tú ag stopadh ag Teach Solais Fhánada?

Tá go leor ag Dún na nGall don chuairteoir - ón pháirc náisiúnta go dtí beanna sléibhe, ó leithinse agus tránna go caisleáin agus foirgnimh oidhreachta, agus oileán shuimiúla ar nós Toraigh agus Árainn Mhór.

Féach ar an leathanach Taiscéal i bhFánaid le péarlaí Fhánada a fhiosrú, agus thíosluaite tá rogha áiteanna atá rud beag níos faide i gcéin.

PÁIRC NÁISIÚNTA GHLEANN BHEATHA

Is Gleann Bheatha an dara páirc náisiúnta is mó in Éirinn agus ba chóir dó bheith go cinnte ar chúrsa taistil gach uile chuairteor go Dún na nGall. Suite i gcroílár shléibhe Dhoire Bheatha, is suíomh iargúlta galánta atá ann. Is féidir leat turas treoraithe den chaisleán a ghlacadh nó dul fá choinne siúlóid sa gharraí a bhfuil balla thart air, gheobhaidh tú go leor cineálacha torthaí agus glasraí dúchasacha ann. Gabh ag spaisteoireacht tríd an talamh fiáin, sléibhtiúil agus coinnigh do shúil oscailte don fiadhúlra, iolar agus fia san áireamh.

Is féidir leat dul ag rothaíocht sa pháirc agus fiú thig leat rothar leictreach a fháil ar cíos in aice leis an bhealach isteach ó Grass Routes Bicycle Hire.

Ní ró-fhada ón Pháirc chífidh tú An Mhucais agus An Earagail, sléibhte a bhfuil clú agus cáil orthu i measc siúlóirí.

ROS GOILL

Is leithinis í Ros Goill ar iarthar Fhánada, agus is turas lae éascaí é trasna Droichead Anraí Bléine ó Fhánaid, á do thabhairt go dtí sráidbhailte An Charraig Airt agus Na Dúnaibh. Idir an dá bhaile seo tá ionad gailf Machaire Loisce. Ag an ché ar na Dúnaibh, tchífidh tú gunna ón SS Laurentic, a chuaigh go tóin poill sa bhliain 1917. Ó na Dúnaibh is fiú go mór é Bóthar an Atlantaigh a ghlacadh thart ar leithinis Ros Goill chun na radharcanna galánta a fheiceáil. Páirceáil ag Baile an Iascaire, áit a bhfuil marcóir fionnachtana do Shlí an Atlantaigh Fhiáin, féach amach ar na clagfharraigí agus bain sult as an sár-radharc d’Oileán Thoraí. Níos faide amách tá radharc galánta ar Trá na Rossan / An Meall Mór agus níos faide ar agahidh tá trá Pholl an Dúnmharfóir.

CAISLEÁN NA dTUATH

Níos lú ná 30km ó Theach Solais Fhánada tá Caisleán na dTuath - cóngarach de shráidbhaile Charraig Airt. Théann sé seo siar go dtí 15ú Céad agus ba é seo daingean Chlann Mhic Suibhne ar feadh beagnach 200 bliain. Tógadh é ag rinn leathinse bheag ag amharc amach ar Bhá Cuan na gCaorach. Tá turais treoraithe ar fáil le linn míonna Iúil agus Lúnasa, maraon le caifé beag agus siopa bronntanais. Beidh dúil ag páistí ag rith ar fud na dtailte agus ag iarraidh na doinsiúin a fháil!

PÁIRC FORAOISE NA nARDAIDH

Clúdaíonn Páirc Foraoise na nArdaidh thart fá 480 acra agus áirítear meascán gnáthóga, ina measc dumhacha, tránna, riascacht salainn, locha sáile, éadán carraige chomh maith le coillte cónaiféarach agus inlomtha. Tá neart cosáin foraise agus cósta sa pháirc maraon le páirc imeartha do pháistí agus loch do na lacháin. Tá Carraig Aifrinn ansin ag a gceiliúrfaidh an tAifreann le linn Am na bPéindlithe, tobar beannaithe agus fothrach ceithre lios agus roinnt tuamaí meigiliotacha. Lena chois sin, thig leat rochtain a fháil ar an pháirc tríd Mhainistir  na gCaipisíneach ar an Ardaidh agus níl ach siúil gairid ó sin go dtí an trá ghalánta ar a dtugtar Trá an Sliogáin Ámharach.

DÚN FIONNACHAIDH AGUS CORRÁN BINNE

Is sráidbhaile é Dún Fionnachaidh atá suite in aice na farraige agus a bhfuil tóir ag daoine air. Tá sé tuairim is 40km siar chun an deisceart ó Theach Solais Fhánada, le bialanna sármhaith, tábhairní agus siopaí ceardaíochta agus tránna deasa i bhfogas dó. Tá páirc súgartha samhlaíoch do pháistí ag taobh músaem Theach na mBocht, Dún Fionnachaidh. Téigh chuig Corrán Binne fiáin sceirdiúil - marcóir fionnachtana do Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Mothóidh tú go bhfuil tú ar bharr an domhain i gCorrán Binne ag amharc amach ar an tírdhreach mór leitheadach. Tá dóigh eile ann chun na beanna a fheiceáil, sé sin turas cairtfhostú a ghlacadh le Seas The Bay, bunaithe ag cé Phort na Bláiche. Tabharfaidh sé tú go dtí an choilíneacht d’éanacha farraige ar talamh is mó sa Eoraip, ag bun na mbeanna. Gach Meán Fómhar, bíonn an Féile Snagcheoil & Blues bliantúil ar siúil i nDún Fionnachaidh.

RÁTH MEALTAIN AGUS RÁTH MAOLÁIN

Ar an bhealach go Fánaid, b'fhéidir go rachaidh tú fríd Ráth Mealtain, baile beag gleoite é le seanfhoirgnimh den scoth, tithe Seoirseach a bhfuil bail mhaith orthu agus Abhainn an Leanainn ina rith tríd. Is ceann de chúig Sráidbhaile Aitheanta é i nDún na nGall. Tá roinnt tábhairní beaga suntasacha ar an bhaile agus féile Djanjo Sur Lennon – féile bhliantúil snagcheoil giofóg, chomh maith le Féile an Leanainn.

Is áit bhreá í Ráth Maoláin faoi choinne lá chois farraige. Ba é an baile stairiúil seo an áit ónar tharlaigh Imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, tréimhse chinniúnach a chur deireadh le ord na nGael in Ulaidh agus a chur tús le Plandáil Uladh ag lonnaitheoirí Sasanach agus Albanach. Tá dealbh chorraitheach i gcuimhne an imeacht sin ina shuí in aice na trá. Tá trá ghalánta ghainimh i Ráth Maoláin, páirc súgartha, cé oibre agus muiríne. Tá club seoltóireachta ann agus is áit bheoga é do spóirt uisce. Tarlaíonn féile bhliantúil sa chéad seachtain de Lúnasa, ag críochnú le Lá Regatta ar an Luan, an lá saoire bainc.

INIS EOGHAIN

Tá Inis Eoghain lastoir d’Fhánaid trasna Loch Súilí. I rith an tsamhraidh, théann bád farantóireachta idir Ráth Maoláin agus Bun Cranncha. Ar chuma eile tá leithinis Inis Eoghain furast go leor le fáil fhad léi ar an bhóthar agus is áit iontach í le cuairt a thabhairt uirthi – cibé mar thuras lae ó Fhánaid nó mar an chéad stad eile ar d’aistear. I measc na mbuaicphointí tá Cionn Mhálanna, áit a rinneadh scannánú ar Star Wars, Dún Riabhach, Éire Fiáin (Wild Ireland), An Mám Mór, Músaem an Ghorta Oileán naDumhcha, Tearmann Dúlra na hInise agus Grianán Ailigh.

BEANNA SLIABH LIAG

Tig leat cuid de na beanna is airde san Eoraip a fheiceáil cóngarach den ché iascaireachta is mó in Éirinn, na Cealla Beaga, i ndeisceart Dhún na nGall. Tugann beanna Shliabh Liag radharcanna a chuirfidh meadhrán ort os cionn an Aigéan Atlantaigh, sléibhte Shligigh agus Bá Dhún na nGall.

Téann aghaidh rite binne Bhun Glas suas 600 méadar os cionn na farraige. Ar feadh na cianta, ba é seo áit d’oilithreacht chráifeach. Anois is Pointe Sár-Radhairc é ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

 

***Le tuilleadh eolais a fháil ar shuíomhanna turasóireachta Dhún na nGall téigh chuig www.govisitdonegal.com***

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Scroll to Top