Slí an Atlantaigh Fhiáin

Is é Slí an Atlantaigh Fhiáin an cúrsa turasóireachta is faide sa domhan! Síneann sé 2,500km ó Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall go Cionn tSáile in Iarthar Chorcaí. Clúdaíonn sé cuid de na páirteanna is deise in Éirinn, cósta garbhshnoite clochach an iarthair ar fud an bhealaí ar chósta an Atlantaigh.

created by dji camera

I rith an bhealaí, tá aird ar phointí fionnachtain – pointí spéisiúla nó áilleacht radhairc. Agus ansin tá pointí sár-radhairc – na '15 Ábhar Iontais de Shlí an Atlantaigh Fhiáin', atá ina gcinn scríbe íocónacha nó a chaithfear a fheiceáil. Tá trí phointe sár-radhairc ag Dún na nGall – Sliabh Liag, Cionn Mhálanna agus Cionn Fhánada.

Is onóir mhór dúinne anseo ag Cionnn Fhánada a bheith roghnaithe mar phointe sár-radhairc ar an chosán turasóireachta eipiciúil seo.  Is aitheantas é ar áilleacht ardscéimhe agus stair Chionn Fhánada, agus rinne sé a chuid féin chun cuidiú le Teach Solais Fhánada a fhorbairt mar áit a mheallann cuairteoirí agus turasóireacht a chur chun cinn sa leithinis ghalánta iargúlta seo.

Cén Slí an Atlantaigh Fhiáin ab fhearr leatsa?

Tig leat taisteal ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin cá bith bealach a ba mhaith leat – le carr, ar do chois, le rothar nó ar dhroim capaill! Tá daoine ann agus is maith leo tabhairt faoi an dúshlán agus iomlán na stampaí a fháil ar a bpas do Shlí an Atlantaigh Fhiáin cibé i gcuairt amháin nó i gcúpla cuairt.

Anseo i dTeach Solais Fhánada creideann muid san fhealsúnacht ‘Cén fáth go mbeadh deifre ort’! Tá an oireadh sin le feiceáil i gContae Dhún na nGall. D’fhéadfá seachtainí a chaitheamh ag taiscéaladh an cosán ón phointe is faide ó thuaidh in Éirinn, Ceann Mhálanna, go dtí beanna farraige mórthaibhseacha Sliabh Liag i ndeisceart an chontae – deirtear gurb iad seo na beanna farraige is airde in Eoraip. Le 39 pointí fionnachtain, áilleacht nádúrtha as an ngnách, pobail cósta atá lán carachtair, caisleáin agus tithe solais, tránna agus bánna – cuirfidh cinn tíre Thuaisceart Dhún na nGall draíocht ar an taistealaí.

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Scroll to Top