Tógáil Teach Solais Fhánada

Moladh Teach Solais Fhánada a thógáil de bharr traigéide farraige – briseadh an HMS Saldanha i Loch Súilí. Ar oíche an 4ú Nollaig 1811, bhuail an Saldanha – frigéad de chuid an Cabhlach Ríoga – bhuail sí carraigeacha in aice le Ceann Fhánada le linn stoirm dhian agus chuaigh sí i dtalamh ag Bá Baile Mhic an Stocaire. Cailleadh níos mó ná 250 fear, ina measc an captaen óg, William Pakenham. Deirtear gurb é pearóid an bháid an t-aon mharthanóir a tháinig slán as an longbhriseadh. Scaoileadh é cúpla seachtain níos moille agus ba ansin a chonacthas ón scríbhinn ar á choiléar gurbh é an Captaen Pakenham a bhí ina úinéir aige.

Stone Carving by: Caite Fealty
Stone Carving by: Caite Fealty

Dearadh Úr

Go gairid i ndiaidh longbhriseadh an Saldanha, scríobh an Captaen Hill ón Chabhlach Ríoga i nDoire chuig ball den Bhord Ballasta ag rá gur chóir teach solais a thógáil ar Fannet Point, mar a tugadh ar Chionn Fhánada ag an am. Dhearbhaigh sé nach mbrisfí an Saldanha dá mbeadh teach solais ag béal Loch Súilí. Tugadh an cead agus cuireadh tús leis an obair sa bhliain 1815 le buiséad de £2,000.

Ba é George Halpin, ceann de na hinnealtóirí sibhialta a ba cháiliúla ag an am, a dhearaigh an teach solais. Lasadh an chéad solas ar Lá Fhéile Pádraig 1817, ag úsáid lampaí buaicis le hola chasealóide agus frithchaiteoirí parabóileacha, ag taispeáint dearg i dtreo an Atlantaigh agus bán i dtreo Loch Súilí.

 

Thart fá na 1870idí, i ndiaidh iarratas ón Diúc Abercorn, rinneadh fiosrúcháin maidir le cén dóigh a bhféadfaidh an solas ag Fánaid a fheabhsú. Bhí airde an túir breá ábalta solas a dháileadh ar thaobh Loch Súilí ach bhí tuilleadh airde de dhíth air le bheith feicthe níos fearr ón Atlantach. Mar sin de, tógadh túr úr níos airde agus cuireadh tús leis an oibriúchán ar an chéad lá de Mheán Fhómhair 1886.

Bhí forbairt shuntasach eile ag Teach Solais Fhánada, sé sin gur tógadh héileapad ansin sa bhliain 1969. Bhí sé seo faoi choinne cuidiú le seirbhísí fóirthinte a thabhairt go dtí na tithe solais ar oileáin Thoraí agus Inis Trá Tholl. Sa lá inniu, is beag úsáide a bhaintear as an héileapad ach amháin ag an Gharda Cósta nó héileacaptair an Airm.

Lighthouse poster
dav_vivid
created by dji camera

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Scroll to Top