Turais do Ghrúpaí

tour 2

Anseo i dTeach Solais Fhánada cuireann muid fáilte roimh grúpaí turais i rith na bliana go léir.

Níl uasmhéid le méid an ghrúpa ach tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir ach le líon áirithe dul suas ar an túr ag an am. Má tá an grúpa níos mó, déanaimid sealaíocht ar chuid d’eilimíntí an turais sa dóigh go dtig le gach duine sult a bhaint as an turas le chéile.

Tagann mórchuid grúpaí anseo chun sult a bhaint as na radharcanna tíre, taithí a fháil ar fháilteachas áitiúil Dhún na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, taiscéaladh a dhéanamh ar an chósta agus scéal an teach oibre solais mórchlú seo a chluinstin ó threoraithe áitiúla a bhfuil saibhreas eolais acu. Cuirimid fáilte chomh maith roimh fhiosrúcháin ó ghrúpaí a bhfuil suim faoi leith acu i rudaí mar grianghrafadóireacht, spéir na hoíche, gníomhaíochtaí cósta.

tour 3

B’fhéidir go mbainfeadh grúpaí leis na spéiseanna seo a leanas tairbhe ar leith as Teach Solais Fhánada agus an cheantar máguaird. Dá ba mhaith leat turas grúpa dár dTeach Solais a chomhcheangal mar pháirt de thuras níos fairsinge den réigiún, beimid ábalta cuidiú leat do chúrsa taistil a shocrú.

  • Grúpaí Rothaíochta
  • Grúpaí Sóisialta
  • Turais Corparáideacha
  • Spéartha na hOíche
  • Timpeallacht an Chósta
  • An Ghaeilge
  • Gníomhaíochtaí faoin aeir & Imeachtaí Eachtraíochta
  • Spóirt Uisce
  • Grúpaí Siúil
  • Grianghrafadóireacht
  • Grúpaí do Scor Gníomhach
  • U3A
  • Turais Allamuigh Ollscoile (m.sh. Turasóireacht, Geolaíocht, Tíreolaíocht, Stair, Gaeilge)
  • Grúpaí Ealaíne / Péintéirí Plein Air

Tig linn comhairle a thabhairt duit ar gach gné de do thuras.

Le do thoil, faigh i dteagmháil linn le fiosrúchán nó áirithint a dhéanamh:

  • Eimear

    +35383-8091199
  • Rosie

    +35387-7004373
  • Rphost

    info@fanadlighthouse.com

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Scroll to Top