Turais
DÉAN TURAS TREORAITHE AR THEACH SOLAIS FHÁNADA!
Faoi choinne turas fíorspeisialta ar Theach Solais Fhánada, is cinnte gurb é turas lenár dtreoraithe an eispéireas is fearr ar fad. Tá iomlán ár dtreoraithe ón áit agus tig leo léargas iontaofa a thabhairt duit ar leithinis Fhánada agus an saol a bhí i dTeach Solais Fhánada.
Turais
-
DREAPAIGH 76 céim go dtí an barr i gcomhair radharcanna suntasacha
-
TAISCÉAL stair agus longbhristeacha Loch Súilí
-
CLUIN scéalta na gcoimeádaithe tithe solais agus á dteaghlaigh
-
FOGHLAIM faoin solas agus áiseanna loingseoireachta
-
FAIGH AITHNE ar teach oibre solais
Maireann ár gcuid turais treoraithe thart fá 45 nóiméad (ag brath ar an ghrúpa). Foghlaimeoidh tú faoi shaol choimeádaithe na dtithe solais a bhí ag obair iontu agus faoina dteaghlaigh. Tá scéalta ann faoi ghrá agus caillteanas, cruatan agus somheanmnach. Cuirfidh sé iontas ort an dóigh inar athraigh an solas é féin thar na mblianta agus an dóigh inar athraigh an teicneolaíocht is nua-aimseartha na tithe solais.
Críochnóidh do thuras le dreapadóireacht go dtí an barr, áit a mbainfidh tú sult as radharcanna 360 céim de thuaisceart Dhún na nGall.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfidh páistí a bheith ar a laghad 1.2 méadar ar airde chun dul suas sa túr.