Firící fá Teach Solais Fhánada
Grianghraf le cead ó Brian Cannon. Thóg a sheanmháthair Mary Agnes Cannon ó Bhaile Mhíchil an grianghraf timpeall na 1950í.
Tá an túr 22 méadar ar airde óna bhun go dtí barr an túir (gan an laindéar san áireamh). Tá an solas 39 méadar os cionn leibhéal na farraige agus tá 76 céim sa túr – 59 céim eibhir agus 17 céim ar dhréimire.
Tá an solas rangaithe mar solas farraige, idirdhealaithe ó solas poirt cé go marcálann sé an bealach isteach go Loch Súilí atá ina phort nádúrtha tearmainn.
Is Fánaid ceann de 11 teach solais i gContae Dhún na nGall (tá cinn eile ag Pointe Charraig an Rois, an tOileán Bréan, Reachlainn Uí Bhirn, Árainn Mhór, Carraigeacha an Bhealaigh, Toraigh, Bun Cranncha, an tSrúibh, Ceann an Dúin Riabhaigh agus Inis Trá Tholl – an teach solais is tuaisceartaigh in Éirinn).
Bhuail soilseach Teach Solais Fhánada ar oíche an 20/21 Nollaig 1916.
Mar fhoireann an tí solais bhí an Coimeádaí Príomha agus an Coimeádaí Cúnta. Chónaigh siad sa Teach Solais lena gcuid teaghlaigh.
D’fhreastail na páistí a bhí ina gcónaí sa teach solais ar Scoil Bhaile Mhicheáil, 1.5 míle ar shiúl (suas cnoc an chuid is mó). Ba í seo scoil Ghaeltachta agus thug seo deis do pháistí nach raibh ina gcainteoirí dúchais Ghaeilge an Ghaeilge a chloisteáil mar theanga dhúchais an cheantair. Is dócha gur bhain sé suaitheadh astu nuair a bhí orthu bogadh ó theach solais amháin go ceann eile mar pháirt de chuid oibre a n-athar. Mar sin féin, rinne siad cairdeas leis na páistí áitiúla agus b’fhéidir go raibh siad ina bpáirt den phobal níos éasca ná a gcuid tuismitheoirí.
Sa gheimhreadh, cuireadh an tríú coimeádaí solais breise leis an fhoireann agus d’fhan seisean i lóistín sealadach ar chúl an tí solais.
Faoin bhliain 1978 níor coinníodh ach Coimeádaí Príomha amháin i bhFánaid agus nuair a d’éirigh seisean as a chuid oibre sa bhliain 1983 rinneadh athrangú ar an teach solais mar staisiún freastal agus d’fhan an Coimeádaí Príomha a bhí ar scor mar fhreastalaí páirtaimseartha.
Grianghraf le cead ó Brian Cannon. Thóg a sheanmháthair Mary Agnes Cannon ó Bhaile Mhíchil an grianghraf timpeall na 1950í.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.
Due to current COVID-19 restrictions we are temporarily closed to visitors. For accommodation enquiries please contact info@fanadlighthouse.com.