Loch Súilí & Longbhristeacha

Loch Súilí

Níl ach trí fhiord oighreach in Éirinn, ceann acu Loch Súilí. Ar an dá thaobh de, tá leithinis chnocach álainn – Inis Eoghain ar an taobh thoir agus Fánaid ar an taobh thiar. Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis an loch leis na cianta. Suite ar an chor theas den loch tá Grianán Ailigh – dún athchóirithe a chreidtear a tógadh sa chéad aois ar shuíomh ráth na luath-Iarannaoise.

oznor_vivid

Tharla ceann de na himeachtaí ba thábhachtaí i stair na hÉireann ag Ráth Maoláin, 30km ó dheas ó Theach Solais Fhánada. Sa bhliain 1607, tharla Teitheadh na nIarlaí, imeacht a chuir deireadh le hOrd na nGael in Éirinn agus a d’fhág an bealach do Phlandáil Uladh ag lonnaitheoirí Sasanacha agus Albanacha.

Tá dún Napoléon ar bhóthar chósta Cnoc Colbha, ceann de mhórán dún a tógadh thart ar Loch Súilí mar chosaint i gcoinne ionraidh ón Fhrainc.

Ar an taobh eile den loch seasann Dún Riabhach (nó Dún Fhraoigh mar a thugtar air fosta). Tógadh an dún seo le linn chogaidh Napoléon chomh maith agus rinneadh campa míleata de le linn an chéad chogadh domhanda. Ar feadh tréimhse le linn an chogaidh sin, ba thearmann é Loch Súilí do Mhórchabhlach na Breataine a bhí faoi cheannas an Aimiréil Jellicoe. Mar gheall ar an suíomh straitéiseach agus ar dhoimhneacht na farraige, bhí Loch Súilí foirfe don chabhlach mór le rá seo, a raibh suas le 40 long chogaidh aige. Bhí Loch Súilí agus Dún Riabhach chomh tábhachtach sin do na Breatanaigh gur choinnigh siad iad faoi cheannas an stáit Briotanach é mar chuid den Chonradh Angla-Éireannach 1921, go dtí an bhliain 1938.

Tá iarsmalann míleata ann inniu gur féidir cuairt a thabhairt air, chomh maith le teach solais agus siúlóidí iontacha cois cósta.

oznor_vivid
An Dún Riabhach
An Dún Riabhach

LONGBHRISTEACHA

bally6

‘Is minic a cailleadh long láimh le cuan’

B’é briseadh an HMS Saldanha a spreag na húdaráis chun Teach Solais Chionn Fhánada a thógáil. Ar oíche 4 Nollaig 1811, bhuail frigéad de chuid an Cabhlach Ríoga – an Saldanha, carraigeacha Dhónaill amuigh ó Chionn Fhánada le linn stoirme fhíochmhara agus chuaigh go tonn poill ag Bá Bhaile Mhic Stocaire.

Bhí an long, in éineacht leis an slúpa HMS Talbot, ag seoladh as Bun Cranncha chun bacainn chabhlaigh a chur i bhfeidhm, in éadan na Francaigh san Atlantach Thuaidh, nuair a tharla an tubaiste.

Nuair a d’éirigh an stoirm, shocraigh an dá long filleadh ar Loch Súilí ar foscadh ach buaileadh an Saldanha  arís ar charraigeacha an tSúilí. Réabadh cuid de na gunnaí as a chéile agus rinneadh léirscrios ar an long. Tuairiscíodh go ndearna mairnéalaigh iarracht snámh i dtír, ach le huiscí guairneánacha conáilte, ba bheag seans a bhí acu.

WhatsApp Image 2020-04-22 at 12.55.38

Cailleadh 250 duine, an Captaen William Pakenham, 29 bliain d’aois, san áireamh. An t-aon chréatúr a tháinig slán ná pearóid na longa, a scaoileadh le hurchar cúpla seachtaine ina dhiaidh - aithníodh é ar an inscríbhinn ar fháinne a chois. Adhlacadh móramh na marbh ar thalamh ghalfchúrsa Phort an tSalainn mar atá anois, agus cuireadh an Captaen Pakenham i reilg Phrióireacht Ráth Maoláin.

Hmtlaurentic

Longbhriseadh clúiteach eile ar Loch Súilí ná an SS Laurentic, línéar paisinéirí de chuid an White Star Line. Tógadh é ag Harland & Wolff sa bhliain 1908, ag an am céanna leis an Titanic, ach rinneadh cúrsóir cogaidh de ag tús an Chéad Chogaidh Domhanda.

D’fhág an Laurentic Learpholl ar 23 Samhain 1917, agus aghaidh aici ar Halifax, Ceanada.  Bhí 479 duine ar bord chomh maith le lasta rúnda d’ór, íocaíocht ar mhuinisean ó Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Dhá lá ina dhiaidh, stop sí ag Bun Cranncha ar ordaithe an dochtúra chun cúpla duine a raibh siomptóim an fhiabhrais buí orthu, a scaoileadh slán den long.

Ó Bhun Cranncha, chroch siad a seolta ar Chionn Fhánada áit a raibh tionlacan armtha le bualadh leo. Bhí fíor drochaimsir ann agus nuair nár tháinig an tionlacan armtha, shocraigh an Captaen Norton bualadh ar aghaidh cibé, gan aird ar thuairiscí go bhfacthas u-bháid sa cheantar níos luaithe an lá sin. Taobh istigh d’uair a’ chloig, bhuail an long dhá mhianach a bhí  leagtha ag fomhuireán Gearmánach U-80. Nuair a bhuail mianach seomra an inill, chaill an long cumhacht. Thit brat dorchadais anuas ar an long a d’fhág nach raibh de chumas aici comhartha guaise a chur amach. Chuaigh sí go tóin poill taobh istigh d’uair a’ chloig.

ss-laurentic-wreck

Cailleadh 354 duine sa tubaiste seo agus coirp ag teacht i dtír ar an chladach ar feadh seachtaine ina dhiaidh. Bhí fir reoite marbh sna báid tarrthála a tháinig isteach. Tharrtháil trálaeir iascaireachta cuid acu agus tháinig an Captaen Norton féin slán. Thar na seacht mbliana dár gcionn, rinne tumadóirí tarrthála an Chabhlaigh Ríoga breis is 5,000 tumadh agus fuair siad ar ais an chuid is mó den 3,211 uinge ór. Tá 22 acu fós amuigh ansin áfach.

Tá clog an Laurentic ar crochadh i dteach phobail Eaglais na hÉireann i bPort an tSalainn, agus sa bhliain 2007, fuarthas gunna ón long, atá anois ar taispeáint ar ché Na Dúnaibh. Tá longbhriseadh an Laurentic ina luí 3 mhíle soir ó thuaidh ó Theach Solais Fhánada.

WhatsApp Image 2020-04-22 at 12.55.38
bally6
ss-laurentic-wreck
Hmtlaurentic

Réidh le cuairt a thabhairt orainn?

Covid-19 Update

Due to current COVID-19 restrictions we are temporarily closed to visitors. For accommodation enquiries please contact info@fanadlighthouse.com.

Scroll to Top