Tá Teach Solais Fhánada ar cheann de Thithe Solais Mhóra na hÉireann, tionscnamh turasóireachta uile-Éireann forbartha ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann.
Tithe Solais Mhóra na hÉireann
Tá muid i gcomhluadar iontach
Tá na tithe solais móra seo ar fad oscailte don phobal le haghaidh turais, lóistín, nó cosúil le Teach Solais Fhánada – an dá cheann! Gach bliain i mí na Bealtaine, cuireann Tithe Solais Mhóra na hÉireann tús leis an séasúr turasóireachta le Féile Shine a Light on Summer. Féile ar fiú go mór cuairt a thabhairt uirthi.
Tacaíonn clár trasteorann INTERREG IVA an Aontais Eorpaigh le tionscadal Tithe Solais Mhóra na hÉireann, bainistithe ag Comhlacht um Chláir Speisialta an AE. Cén fáth nach bhfuil sé mar mhisean agat, cuairt a thabhairt ar na tithe solais ar fad ar chonair Thithe Solais Mhóra na hÉireann?!
Tithe Solais Mhóra na hÉireann
‘Is tionscnamh turasóireachta nuálach é ‘Tithe Solais Mhóra na hÉireann’ a d’fhorbair Coimisinéirí Shoilse na hÉireann chun na foirgnimh eisceachtúla seo timpeall chósta na hÉireann a oscailt don phobal agus beatha nua a thabhairt dá bpobail. Tá scéalta iontacha agus féiniúlacht ar leith ag gach ceann acu, agus, mar ghrúpa, cuireann siad eispéiris iontach ar fáil do chuairteoirí i gcuid de na háiteanna is áille in Éirinn.’
Gailearaí Físeáin do Thithe Solais Mhóra na hÉireann
Tá samhradh lán spraoi
agus sceitimíní ag fanacht leat.
Físeán Margaíochta
Tithe Solais Mhóra na hÉireann
Réamhrá faoi Shoilse na hÉireann
le Tithe Solais Mhóra na hÉireann
Tuilleadh eolais faoi Shoilse na hÉireann
le Yvonne Shields O'Connor
Saol mar Choimeádaí Tí Solais
le Fergus Sweeney (Blacksod)
Saol mar Choimeádaí Tí Solais
le Tithe Solais Mhóra na hÉireann
Fan thar oíche ag Teach Solais Fhánada
Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Dúisigh le fuaim na dtonn agus na n-éan mara.
Breathnaigh ar thírdhreach álainn garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.





