‘We had a personal guide who was brilliant, plenty of stories and factual information… Our guide brought the lighthouse to life at every stage of our tour. A fabulous day in one of the most beautiful places in the world’
Richard James
Turais Ghrúpa agus Scoile
TURAIS GHRÚPA
Fáilte roimh chách le linn na bliana
Cuirfear fáilte chroíúil romhat ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall, áit a mbeidh deis agat sult a bhaint as an chósta galánta agus éisteacht le scéal an tí solais aitheanta seo ó threoraithe áitiúla a bhfuil cuimse eolais acu.
Níl teorainn ar bith leis an mhéid daoine a thiocfadh a bheith mar chuid de ghrúpa ach níl ach líon teoranta daoine ábalta an túr a dhreapadh ag an am céanna. Le grúpaí níos mó, bogann muid gnéithe áirithe den turas thart le go mbíonn deis ag achan duine sult a bhaint as an turas lena chéile.
Cuireann muid fáilte roimh cheisteanna ó ghrúpaí a bhfuil suim ar leith acu cosúil leis an ghrianghrafadóireacht, spéir na hoíche nó gníomhaíochtaí ar an chósta, agus thig linn comhairle a chur ar sholáthraithe gníomhaíochta áitiúla má tá tú ag iarraidh do chuairt a nascadh le gníomhaíocht ghrúpa eile.
RADHARCANNA GALÁNTA AR ACHAN TAOBH
Dreap an Túr
Foghlaim faoi choimeádaithe an tí solais agus a dteaghlaigh, faoi longbhristeacha Loch Súilí, agus faoin dóigh ar athraigh an solas féin le dhá chéad bliain ag coinneáil na long slán sábháilte ar an fharraige. Glac 76 céim go barr an túir fá choinne radharcanna iontacha amach ar an talamh agus ar an fharraige.
Amharc thart ar na radharcanna áille ag Cionn Fhánada, pointe sár-radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bain sult as cupán caife agus greim beag le hithe, nó gabh thart sa tsiopa ceardaíochta le teacht ar chuimhneacháin agus earraí ceardaíochta a dhéantar go háitiúil.
TURAIS SCOILE
Oideachas d’Achan Dhuine
Is áit iontach é Teach Solais Fhánada le teacht ar thuras oideachais, ag leibhéal na scoile náisiúnta agus meánscoile chomh maith leis an tríú leibhéal. (Tabhair faoi deara go gcaithfidh tú a bheith 1.2m ar airde ar a laghad leis an túr a dhreapadh). Ar dóigh fá choinne turais lae go ginearálta nó mar ghníomhaíocht le daltaí na hIdirbhliana
Turais trí Ghaeilge ar fáil
IS FÉIDIR AN TURAS A NASCADH LEIS AN MHÉID SEO A LEANAS
Ábhair/Téamaí Scoile
- Tíreolaíocht
- An Timpeallacht
- An Ghaeilge
- Ealaín
- Eolaíocht
- Stair
- Geolaíocht
- Turasóireacht
- Grianghrafadóireacht
- Gnó
Déan Fiosrúchán