Cairde

Is fiontar sóisialta faoi úinéireacht agus faoi oibriú an phobail é Teach Solais Fhánada atá suite i bhFánaid i gContae Dhún na nGall.

Teach Solais Fhánada: Mol Fiontar Sóisialta agus Cultúir faoi Threoir an Phobail ag Teach Solais Fhánada

Osclaíodh an Teach Solais don phobal in 2016, ag cur lóistín ar fáil d’aíonna sna tithe do na céadchoimeádaithe solais agus turais threoraithe thart ar an teach solais. Forbraíodh é leis an fhís shoiléir leas an phobail a chur chun cinn agus sochair phobail a chur ar fáil – go heacnamaíoch, go sóisialta, ó thaobh na timpeallachta de agus go cultúrtha.

I gceantar a bhí ag brath ar fheirmeoireacht agus ar iascaireacht, agus ina bhfuil an daonra ag dul i laghad, is é an aidhm atá againn leas a bhaint as turasóireacht agus í a fhorbairt mar acmhainn áitiúil inbhuanaithe atá bunaithe ar shuíomh aitheanta Theach Solais Fhánada. Tá muid tiomanta d’fhorbairt pobail agus fiontraíochta agus ag cruthú fostaíochta, agus is mór againn oidhreacht agus cultúr saibhir teanga an cheantair agus cuireann muid chun cinn iad.

Is leis an phobal áitiúil maoin an tí solais ar léas fadtéarmach ó Choimisinéir Soilse na hÉireann (CIL). Tá muid mar chuid de chuibhreannas Tithe Solais Móra na hÉireann agus i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara eile tá Comhairle Contae Dhún na nGall, Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta.
Tá feidhmiú Theach Solais Fhánada mar thionscadal turasóireachta pobail, áfach, á stiúradh ag an phobal áitiúil tríd an chuideachta neamhbhrabúis Forbairt Fhánada CTR. Tá sé mar aidhm ag an chuideachta an úsáid inbhuanaithe is fearr a bhaint as an teach solais agus as acmhainní nádúrtha an cheantair chun Fánaid a neartú agus a fhás mar phobal inmharthana Gaeltachta le deiseanna agus dea-chaighdeán beatha d’achan duine. Tá achan ghné den tionscadal bunaithe ar leas an phobail agus tá achan tairbhe a bhaintear as an tionscadal á úsáid lenár gceantar a fheabhsú.

Cuimsíonn eispéireas iomlán an tionscadail tírdhreach ar leith agus muirdhreach Fhánada ina iomláine, agus Teach Solais Fhánada aitheanta mar chroílár an tionscadail. In áit den sórt sin, tuigeann muid go bhfuil an fhreagracht orainn turasóireacht athspreagthach a chur chun cinn agus cuireann muid prionsabail na hinbhuanaitheachta agus an gheilleagair chiorclaigh chun cinn ag achan leibhéal den tionscadal.

Agus an teach solais stairiúil seo á chaomhnú agus á chothabháil mar acmhainn tháirgiúil pobail, leanfaidh bonneagar an tí solais a d’fhreastail ar an cheantar trína chuspóir tosaigh ó 1817 ag déanamh amhlaidh trína chuspóir nua go ceann blianta fada amach romhainn.

Tá muid fréamhaithe i nGaeltacht Fhánada, ceantar ina bhfuil oidhreacht shaibhir teanga ag dul siar thar na mílte bliain. Tá ár n-ionad oibre dátheangach agus tá áthas ar an fhoireann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. I gcuideachta an ghrúpa teanga áitiúil Gaeltacht Bheo Fhánada, ritheann muid féilire imeachtaí le linn na bliana, ag caomhnú agus ag baint leas as an ghné thábhachtach seo de chultúr agus oidhreacht ár gceantair.

Tá Cairde Theach Solais Fhánada bunaithe mar ardán le cur ar chumas réimse daoine leasmhara, sa bhaile agus thar lear, cuidiú go gníomhach le pobal Fhánada i bhforbairt Thionscadal Theach Solais Fhánada mar fhiontar sóisialta. Tá an tacaíocht seo ag cuidiú le forbairt leanúnach agus le hoibriú inmharthana an Tí Solais mar acmhainn inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe Fhánada agus pobail Dhún na nGall níos leithne. Tá agus leanfaidh Cairde de bheith ina chuid lárnach chun cur ar chumas an phobail a fhís, a aidhmeanna agus a chuspóirí a bhaint amach maidir le feabhas agus cothú an phobail – go heacnamaíoch, go sóisialta, ó thaobh na timpeallachta de agus go cultúrtha.

Glac ballraíocht

Caidé a Deir Ár mBaill Shásta

As a Fanad native living away, I am so pleased to be able to connect like this to the lighthouse.  When I was living in Fanad, the lighthouse was closed to the public now it is a thriving not-for-profit, creating employment for so many local people, it’s great to see and I am happy to support and to feel part of it.”

Michael McAteer, Chicago

bí i do

Chara

Mar chara, beidh tú mar chuid den tionscadal speisialta seo agus cuideoidh tú linn an fhís ar leith atá againn a bhaint amach. Coinneoidh muid ar an eolas thú faoi na gníomhaíochtaí atá ar bun againn tríd an ríomhiris ráithiúil, bronnfaidh muid teastas cairdis ort agus beidh tú i dteideal lascaine ar lóistín sa teach solais.

Má tá ceist ar bith eile agat nó más maith leat labhairt linn, cuir scairt ar an oifig ar 0749116020. Nó thig leat an fhoirm thíos a líonadh isteach. Tá muid iontach sásta cuidiú leat!

Lascaine ar lóistín.                                   €100 = 5%, €250 = 10%, €500+ = 15%

Tá Cairde Corparáideacha againn freisin. Bí i dteagmháil linn má tá tú ag iarraidh deiseanna a phlé le páirt a bheith ag do chomhlacht i bhforbairt na háite seo.