Scéal Theach Solais Fhánada

Foghlaim faoinár bhfiontar sóisialta Teach Solais Fhánada, agus cad chuige gurbh é briseadh HMS Saldanha an spreagadh le Teach Solais Fhánada a thógáil.

Grianghraf le caoinchead Brian Cannon. Ghlac a sheanmháthair Mary Agnes Cannon as Baile Mhicheáil an grianghraf seo thart ar na 1950idí.

FIONTAR SÓISIALTA

Fréamhaithe sa Phobal

‘Spreagtha ag an tírdhreach, an teanga agus an oidhreacht s’againn, cuireann muid Fánaid chun cinn ar fud an domhain le tairbhe a dhéanamh d’Fhánaid ar leibhéal áitiúil’.

Osclaíodh Teach Solais Fhánada don phobal in 2016 mar thaitneamhacht do thurasóirí, le lóistín i dtrí theachín solais galánta athchóirithe. Fiontar sóisialta neamh-bhrabúis é atá á reáchtáil ag coiste deonach áitiúil Forbairt Fhánada Cuideachta. Fréamhaithe sa phobal, is é an phríomhtharraingt do thurasóirí i bhFánaid é, ceantar fíorálainn nádúrtha a bhfuil go leor ar fáil ann do chuairteoirí.

Tá Cionn Fhánada ar cheann de thrí Phointe Sár-Radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall.

Tá Teach Solais Fhánada ina theach solais atá ag obair ó 1817 i leith.

Ceann de na tithe solais is áille ar chlár na cruinne

Is teach solais aitheanta é Teach Solais Fhánada ag béal Loch Súilí. Tá sé vótáilte mar cheann de na tithe solais is áille ar domhan agus is furasta a fheiceáil cad chuige. Is minic a ghlacann grianghrafadóirí pictiúirí galánta atmaisféaracha den struchtúr allabhrach seo agus den chósta fiáin thart air.

Cuireann muid turais threoraithe ar fáil ina mbíonn deis agat achan rud a chluinstin faoin teach solais agus an túr a dhreapadh i gcuideachta treoraí áitiúil. Cuireann muid fáilte roimh thurais ghrúpa le linn na bliana fosta ach coinne a dhéanamh.

LONGBHRISEADH

HMS Saldanha

Ba é briseadh HMS Saldanha an spreagadh le Teach Solais Fhánada a thógáil. Oíche an 4 Nollaig 1811, bhuail an Saldanha – frigéad de chuid an Chabhlaigh Ríoga – carraigeacha in aice le Cionn Fhánada le linn stoirme agus chuaigh sé i dtalamh ag Bá Bhaile Mhic an Stocaire.

Bhí an long, chomh maith leis an slúpa HMS Talbot, ag seoladh ó Bhun Cranncha le himshuí cabhlaigh a chur i bhfeidhm i gcoinne na Fraince san Atlantach Thuaidh nuair a tharla an tubaiste. De réir mar a chuaigh an stoirm in olcas, bheartaigh an dá long dul ar ais le foscadh a lorg i Loch Súilí, ach bhuail an Saldanha carraigeacha ag Carraig Dhónaill. Scaoileadh cuid de na gunnaí, rud a rinne léirscrios. Cailleadh breis agus 250 duine, an Captaen óg William Pakenham ina measc. Ba é an t-aon duine a tháinig slán as an tubaiste ná pearóid na loinge, a caitheadh cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Tógáil Theach Solais Fhánada

Ba é George Halpin, duine d’innealtóirí sibhialta mór le rá na linne, a dhear an teach solais. Lasadh an solas den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1817, ag baint úsáid as lampaí ola agus frithchaiteoirí parabóileacha, ag taispeáint dearg don Atlantach agus bán go Loch Súilí.

Go luath i ndiaidh don Saldanha a bheith scriosta, scríobh Captaen Hill den Chabhlach Ríoga i nDoire chuig ball de Bhord an Bhallasta ag moladh gur cheart teach solais a thógáil ag Fannet Point, mar a thugtaí ar Chionn Fhánada an uair sin. Dúirt sé nach mbeadh an Saldanha scriosta dá mbeadh teach solais ag an bhealach isteach go Loch Súilí. Deonaíodh an cead agus tosaíodh ar an obair sa bhliain 1815 le buiséad de £2,000.

Dearadh Nua

Faoi na 1870idí, bhí imscrúduithe á ndéanamh ar cén dóigh leis an solas ag Fánaid a fheabhsú. Bhí bearta de dhíth leis an túr a dhéanamh níos airde, le go mbeadh sé níos feiceálaí ó thaobh an Atlantaigh. Agus mar sin, tógadh túr úr níos airde, agus cuireadh tús le hoibreacha an 1 Meán Fómhair 1886.

Ar Bhfad Leat É?

Tá an túr 22 méadar ar airde ón bhunsraith go barr an túir (gan an lóchrann san áireamh). Tá an solas 39 méadar os cionn leibhéal na farraige agus tá 76 céim sa túr – 59 céim eibhir bhíseacha agus 17 céim ar dhréimire.

Ar fhoireann an Tí Solais bhí Príomhchoimeádaí agus Coimeádaí Cúnta, a bhí ina gcónaí sa teach solais lena dteaghlaigh. Cuireadh leis an fhoireann le linn an gheimhridh agus thagadh an tríú coimeádaí solais isteach, ar a dtugtaí Coimeádaí Breise, a d’úsáid lóistín sealadach ar chúl an tí solais.

Tá Fánaid ar cheann de 11 teach solais i gContae Dhún na nGall (is iad na cinn eile ná Rinn Naomh Eoin, An tOileán Bréan, Reachlainn Uí Bhirn, Árainn Mhór, Carraigeacha an Bhealaigh, Toraigh, Bun Cranncha, An tSrúibh, An Dún Riabhach agus Inis Trá Tholl – an teach solais is faide ó thuaidh in Éirinn).

Tháinig Teach Solais Fhánada slán ó bhuille tintrí oíche 20/21 Nollaig 1916.

D’fhreastail na páistí a raibh cónaí orthu sa teach solais ar Scoil Bhaile Mhicheáil, siúlóid 1.5 míle ar shiúl (suas an cnoc an chuid is mó den bhealach). Toisc gur scoil Ghaeltachta a bhí ann, thabharfadh sé seo deis dóibh an Ghaeilge a labhairt, mura cainteoirí dúchais iad. Cé go bhfuil achan seans ann gur crá croí a bhí ann a bheith ag bogadh ó theach solais go teach solais mar chuid de phost a n-athar, is dóigh gur éirigh siad go mór le páistí na háite agus seans go raibh sé níos fusa dóibh a bheith mar chuid den phobal ná a dtuismitheoirí.

Rangaítear an solas mar sholas farraige seachas solas cuain, cé go marcálann sé an bealach isteach go Loch Súilí atá ina chuan nádúrtha tearmainn.

Faoi 1978, ní raibh ach an Príomhchoimeádaí i bhFánaid, agus nuair a d’éirigh sé as in 1983 athrangaíodh an teach solais mar stáisiún freastalaí agus d’fhan an Príomhchoimeádaí ar scor mar Fhreastalaí páirtaimseartha.

Fan thar oíche ag Teach Solais Fhánada

Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Múscail ar maidin le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara. Amharc thart ar thírdhreach galánta garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.

CUIR ÁIT IN ÁIRITHE LE FANACHTCUIR TURAS IN ÁIRITHE

Recent Posts on Instagram

Stay up to date

Sign up now for occasional news and offers

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.