“The Fanad Lighthouse tour is a very unique experience on Ireland’s Wild Atlantic Way. It’s full of history, that’s delivered through a team of excellent local guides. This is a must do tour!!”
Bren Whelan, TripAdvisor
Turais i dTeach Solais Fhánada
BAIN TRIAIL AS
Eispéireas an Tí Solais
Má tá tú ag pleanáil cuairt fíor-speisialta ar Theach Solais Fhánada, ba cheart duit turas treoraithe a chur in áirithe. Is de bhunadh an cheantair na treoraithe uilig agus thig leo fíorléargas a thabhairt duit ar Fhánaid agus ar an saol ag Teach Solais Fhánada.
Foghlaimeoidh tú faoi shaol na gcoimeádaithe tithe solais agus a dteaghlaigh a bhí lonnaithe anseo.
Tá scéalta grá agus caillteanais, scéalta cruatain agus teacht aniar. Faigh amach cén dóigh ar athraigh an solas féin thar na céadta bliain, agus cén dóigh ar athraigh an teicneolaíocht is deireanaí tithe solais.
Agus, fá choinne eachtra spreagúil nach ndéanfaidh tú dearmad go deo uirthi, gabh go barr an túir agus faigh radharc ar leith ó achan taobh ar Thuaisceart Dhún na nGall, ar an Atlantach agus ar Loch Súilí. Agus níos mó clostreoracha ar fáil anois, tá Iodáilis, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis chomh maith le Gaeilge agus Béarla ar fáil againn.
Tabhair faoi deara go gcaithfidh páistí a bheith 1.2m ar airde ar a laghad leis an túr a dhreapadh.
Fá choinne eachtra iontach speisialta, is féidir le do ghrúpa dul ar bord an Saldanha don eispéireas réaltachta fíorúla ‘The Storm, The Sea, The Saldanha’
Glac giota beag ama le sult a bhaint as an radharc galánta ar an chósta anseo in Éist, spás le suí síos agus éisteacht le scéalta agus glórtha na nglúnta a tháinig romhainn i dteach solais Gaeltachta in áit ar leith.
Ag leanúint leis an eispéireas ilchéadfach, tabhair cuairt ar AMHARC le hamharc ar shaol na farraige agus ar an bheathra éan ar an chósta, le foghlaim faoina nósanna agus a gcuid fuaimeanna, agus seans go bhfeicfidh tú roinnt deilfeanna nó fiú míol mór!
Réidh le cuairt a thabhairt orainn?
Turas leis an Túr
TAILTE & SPÁSANNA TAISPEÁNTAIS SAN ÁIREAMH
Foghlaim faoi choimeádaithe an tí solais, faoi longbhristeacha Loch Súilí, agus faoin dóigh ar athraigh an solas féin le dhá chéad bliain ag coinneáil na long slán sábháilte ar an fharraige. Glac 76 céim go barr an túir fá choinne radharcanna iontacha amach ar an talamh agus ar an fharraige. Imigh ar seachrán ar na tailte agus ar na spásanna taispeántais ar do chomhairle féin, agus bain sult as an eispéireas treoraithe a chuireann muid ar fáil sa túr. Agus níos mó clostreoracha ar fáil anois, tá Iodáilis, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis chomh maith le Gaeilge agus Béarla ar fáil againn.
Fá choinne eachtra iontach speisialta, bain triail as an eispéireas réaltachta fíorúla ‘The Storm, The Sea, The Saldanha’
Tar chugainn le triail a bhaint as Éist. An Taithí Fuaime nua atá againn ag Teach Solais Fhánada: Glac giota beag ama le sult a bhaint as an radharc galánta ar an chósta anseo agus tú ag éisteacht le scéalta agus glórtha na nglúnta a tháinig romhainn i dteach solais Gaeltachta in áit ar leith.
Ag leanúint leis an eispéireas ilchéadfach, tabhair cuairt ar AMHARC le hamharc ar shaol na farraige agus ar an bheathra éan ar an chósta, le foghlaim faoina nósanna agus a gcuid fuaimeanna, agus seans go bhfeicfidh tú roinnt deilfeanna nó fiú míol mór
UAIREANTA OSCAILTE
Thiocfadh leis na huaireanta oscailte athrú, déan seiceáil roimh ré sula dtagann tú
EANÁIR-FEABHRA
- Luan - Aoine 10:00 - 16:00 Turas Deiridh 3pm
- Sath - Domh 10:00 - 17:00 Turas Deiridh 4pm
MÁRTA-AIBREÁN-BEALTAINE
- Luan - Domh 10:00 - 17:00
MEITHEAMH – IÚIL – LÚNASA – M. FÓMHAIR
- Sath - Domh 10:00 - 18:00
DEIREADH FÓMHAIR-SAMHAIN-NOLLAIG
- Sath - Domh 10:00 - 16:00
TABHAIR BRONNTANAS
Dearbháin do Thurais
Ar mhaith leat iontas a chur ar dhuine le heispéireas as lá speisialta seachas tuilleadh truflaise?
Thig leat do dhearbhán féin a dhearadh – seans go bhfuil tú ag iarraidh dearbhán a cheannach don teaghlach, do do ghrá geal nó seans go bhfuil tú ag iarraidh giota beag níos mó a chur air le go mbeidh an duine ábalta bronntanas a roghnú daofa féin ag Siopa an Tí Solais nó sa Chaifé.
Ag cur áit in áirithe do ghrúpa?
Tá taithí ag na treoracha s’againn uilig ar thurais ghrúpa d’achan mhéid a bhainistiú. Lascainí grúpa ar fáil do ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó. Tá turais ghrúpa ar fáil le linn na bliana ach coinne a dhéanamh.
Turais Ghrúpa & Scoile
Cuirfear fáilte chroíúil romhat ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall, áit a mbeidh deis agat sult a bhaint as an chósta galánta agus éisteacht le scéal an tí solais aitheanta seo ó ghrúpa treoraithe áitiúla a bhfuil cuimse eolais acu.




