Fánaid: Déan, Ith, Fiosraigh

Tá go leor seoidíní atá i bhfolach ar an saol againn anseo i bhFánaid, ar an bhóthar is lú taistil. Dá fhaide a fhanann tú, is amhlaidh is faide a bheidh agat teacht ar chuid de na seoidíní is fearr atá againn sa cheantar!

Fiosraigh Fánaid

Tránna

Ar an chéad dul síos, tá tránna galánta gainimh go leor i bhFánaid. Fiú sa tsamhradh, is minic a bheadh an trá iomlán agat duit féin – mar sin bain sult as aer úr na farraige, glac leat buicéad agus spád agus gabh chuig an chladach!

Tá brat gorm ag Trá Bhaile Mhic an Stocaire ar Bhóthar Chósta Chnoc Colbha agus tá sí galánta ar fad. Thig leat tiomáint chuig Pointe Sár-Radhairc Shlí an Atlantaigh Fhiáin le radharc den scoth a fháil ar an trá fhada, fhairsing, órga seo ag Bá Bhaile Mhic an Stocaire. D’ainmnigh The Observer é mar an dara trá is áille ar domhan.

Bá Bhaile Uí Thiarnáin tá dhá thrá ghalánta aici agus níl eatarthu ach lomán beag carraige. Thig leat an dá cheann a shiúl gan stró. Tugtar ‘Din’s Shore’ ar an chladach thiar go háitiúil, agus ‘An Cladach Bán’ ar an taobh thoir. Is furasta a fheiceáil cad chuige a dtugtar ‘An Cladach Bán’ air – tá sé suite ar an chósta surfála agus is minic a bhíonn sé bristeacha móra ag teacht isteach.

Cé Phort an tSalainn tá trá bheag ghainimh aici a bhfuil dúil mhillteanach ag na páistí inti. Is breá le páistí a bheith ag léimt ón ché anseo, agus thiocfadh leat uair an chloig nó dhó a chaitheamh go furasta sna locháin charraige agus ag amharc ar na pluaiseanna beaga díreach amach ón trá. Tá siopa, teach tábhairne agus bialann in aice leis an ché fosta.

Áirse Mhór Phollaide

Is í an ‘Áirse Mhór’, mar a thugtar air go háitiúil, an stua carraige is mó in Éirinn. Séadchomhartha ar leith atá ann do chumhacht na farraige. Níl sé ach cúpla míle soir ó Theach Solais Fhánada.

Tá athchóiriú déanta ar an bhealach isteach chuig an Áirse agus anois tá páirceáil agus cosán síos go dtí ardán féachana.

Cumann Gailf Phort an tSalainn

Tá galfchúrsa 18 bpoll ag Port an tSalainn agus is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na háiteanna is galánta ar domhan le babhta gailf a imirt. Tá gailf á imirt anseo i bPort an tSalainn ó na 1880idí.

Ag an bhomaite, tá sé ar an liosta de na 25 galfchúrsa is fearr in Éirinn de réir Golf Digest agus ritheann sé líon mór Comórtais Oscailte gach bliain. Faigh greim le hithe nó rud beag le hól sa Chlubtheach ina dhiaidh, agus bain sult as radharcanna galánta den trá ag an am céanna.

Conair Ghairdín Dhún na nGall

GARRAITHE GHRIANFOIRT

Léiríonn Conair Ghairdín Dhún na nGall cuid de na gairdíní poiblí agus príobháideacha is áille sa chontae. Níl dabht ar bith ach go bhfuil Grianfort ar cheann de sheoidíní ceilte Fhánada. In 2019 bhain sé Gradam Fiúntais bliantúil Chonair Ghairdín Dhún na nGall.

Tá an teach agus an gairdín na céadta bliain d’aois, agus tá réimse dochreidte crann, tor agus bláthanna acu, gan trácht ar an gharraí glasraí le ballaí agus crainn torthaí. Tá róslabhrais, caiméilia, asáilianna, agus siúlóidí galánta sa choill le speicis dhúchasacha agus eachtrannacha araon.

Teagmháil: Paddy Perry, +35387 7574823

Spaisteoireacht agus Siúlóireacht

Tá go leor áiteanna áille le dul ag spaisteoireacht agus ag siúlóireacht i bhFánaid. Gabh ag spaisteoireacht síos na lánaí tuaithe agus amharc ar na radharcanna áille agus suaimhneas an cheantair. Imigh ar shiúlóid ar cheann de na tránna nó thart ar na lochanna galánta.

Aimsigh Tobar Naomh Colmcille (An Turas) idir Port an tSalainn agus an Dumhaigh Bhig, ag bun conair shlímharcáilte. Dreap suas go barr Chnoc Colbha agus tar ar na Lochanna Dubha.

Siúil Bóthar Chósta Chnoc Colbha agus coinnigh súil amach do Thobar Phádraig, Dún Napoléon agus na caoirigh ar an tsliabh! Ar an bhealach go Gleann Bhairr, thig leat siúl suas go dtí an fochla ar thaobh an chnoic ag Slí na Croise.

Má tá tú ag iarraidh teacht ar roinnt bealtaí atá iontach neamhchoitianta, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an treoraí Mary Doherty ó Fanad Walks Donegal. Bean Fhánada go smior atá inti agus tá scoth an eolais aici ar an cheantar áitiúil. Is cinnte go gcuirfidh an grá atá aici ar an spaisteoireacht agus ar an leithinis ghalánta go mór le do thuras agus go mbeidh eispéireas den scoth agat a fhanfaidh leat go deo. Tá sí ar Facebook ag Fanad Walks Donegal.

+35387 6228425

Ritheann Sean Mullan ó Walking & Talking in Donegal turais siúil ag an deireadh seachtaine agus le linn na seachtaine, le réimse siúlóidí ó shiúlóidí furasta go siúlóidí measartha deacair. Tugann turais Sheáin thú thart fá ‘ardchríocha agus cinnchríocha Thuaisceart Dhún na nGall’, agus clúdaíonn sé cuid de na háiteanna is deise i bhFánaid agus níos faide i gcéin, cosúil le Páirc Foraoise na hArdadh, An Earagail agus Mucais, Corrán Binne, Gleann Bheatha agus Doire. Tá eolas as cuimse ag Seán ar Thuaisceart Dhún na nGall, agus ar stair, flóra agus fána na háite.

Suíomh Gréasáin

Slatiascaireacht farraige / Turais ar mhaithe le pléisiúr

Cad chuige nach dtabharfá fá bhabhta iascaireachta agus na radharcanna a shú isteach le gabháil an lae? Is áit ar dóigh é Loch Súilí le dul ag iascaireacht d’éisc éagsúla cosúil le gobóg, roc, trosc, cadóg agus leathóg.

Imigh suas an cósta agus amharc ar na Seacht nÁirse Cheilte, sraith pluaiseanna mara an taobh ó thuaidh de Phort an tSalainn. Nó téigh ó dheas le hamharc ar bhád iascaireachta briste ag bun na n-aillte faoi Bhóthar Chósta Chnoc Colbha. Gabh in aice le Teach Solais Fhánada fá choinne radharcanna galánta den teach solais ón fharraige agus tar ar ais le taobh Inis Eoghain le Trá an Líonáin agus an Dún Riabhach a fheiceáil.

Tá báid ar fáil ar cíos le Deep Blue Watersports ag Cé Phort an tSalainn.

Suíomh Gréasáin

Cadhcáil / Caitheamh Aimsire Taobh Amuigh

Fiosraigh Loch Súilí, An Mhaoil Rua agus an tAtlantach leis an treoraí a bhfuil taithí ar leith aige Hugh Hunter, agus tabhair cuairt ar áiteanna nach bhfuil tú ábalta dul chucu ach amháin le cadhc.

Tá tú ábalta dul amach ar an uisce le héirí na gréine nó faoi sholas na gealaí. Tá eispéiris cóstóireachta, treodóireachta agus dreapadóireachta carraige ar fáil le Hugh fosta.

Suíomh Gréasáin

Snámh Fiáin

Glac leis an Atlantach Fiáin agus bain sult as an fharraige fhionnuar thart ar Fhánaid. Tá go leor de na tránna sábháilte le dul ag snámh san fharraige. Tá trá brait ghoirm agus seirbhís garda tarrthála ag Bá Bhaile Mhic an Stocaire i rith an tsamhraidh.

Beidh tú lán le fuinneamh agus breá bríomhar i ndiaidh dul isteach san uisce anseo, agus achan tseans go mbeidh an trá iomlán agat duit féin!

Tonnmharcaíocht / Seaschéaslóireacht

Tá ranganna tonnmharcaíochta ar fáil le Adventure One Surf School ó Bhá Bhaile Thiarnáin i bhFánaid agus ranganna seaschéaslóireachta ar an chladach níos ciúine i Ráth Maoláin.

Tugann muintir na háite ‘An Cladach Bán’ ar Bhá Bhaile Thiarnáin, agus is furasta a fheiceáil cad chuige – bíonn tonnta móra ag teacht isteach agus deiseanna maithe tonnmharcaíochta fosta. Eispéireas ar leith in uisce chomh glan le criostal ar cheann dár dtránna galánta.

Suíomh Gréasáin

Grianghraf le hÚna McGrory

Féilte

Bíonn go leor féilte áitiúla i bhFánaid le linn an tsamhraidh. I mí na Bealtaine, cuireann Teach Solais Fhánada tús leis an tséasúr le Shine a Light on Summer Festival i gcomhpháirtíocht le Tithe Solais Móra na hÉireann.

I mí an Mheithimh, tagann cuairteoirí as achan chearn den tír chuig an tseó seanré ar an Cheathrú Chaol, agus bíonn Féile Fhánada ar siúl ag tús mhí Lúnasa fosta. Bíonn féilte samhraidh sna Dúnaibh, Carraig Airt, Ráth Maoláin agus Ráth Mealtain fosta. Coinnigh súil ar na himeachtaí s’againn.

Ag Ithe Amuigh

Tá Dún na nGall aitheanta as scoth an bhia agus tá réimse leathan áiteanna bia i bhFánaid agus thart fán cheantar.

FAIGH GREIM LE HITHE AG AN IONAD CUAIRTEOIRÍ

Caifé an Tí Solais

Tá Caifé an Tí Solais againn ar an láthair, áit a bhfuil tae, caife, sneaiceanna, uachtar reoite agus bácáil bhaile ar fáil. Tá roghanna caife gan táirgí déiríochta ar bith againn agus uachtar reoite veigeánach chomh maith. Bheadh na sólaistí seo foirfe ag tús do thurais nó ina dhiaidh.

Suigh síos agus caith uair an chloig le ceann de na radharcanna is fearr in Éirinn, ag amharc ar thonnta fiáine an Atlantaigh ag teacht agus ag imeacht. Coinnigh súil amach do na héin mhara agus don fhiadhúlra thart ort. Tá áit le suí taobh amuigh againn atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí.

Bialanna & Caiféanna i bhFánaid

The Pier Restaurant, Port an tSalainn (12km)

Amharcann Pierside amach ar an ché galánta ag Port an tSalainn, agus cuireann siad bia den scoth ar fáil i dtimpeallacht chluthar atá maisithe go deas agus radharcanna dochreidte ar an fharraige. Buail isteach chuig an Stores ‘Olde World’ Bar ina dhiaidh, áit a bhfuil grá ag muintir na háite agus turasóirí air, fá choinne pionta Guinness cois tine.

FACEBOOK +35374 91 59135

Ripples Restaurant, an Cheathrú Chaol (20.2km)

Ar oscailt don bhricfeasta, don lón agus don dinnéar i rith na bliana, is bialann teaghlaigh é Ripples Restaurant atá suite os cionn na Maoile Rua. Faightear na diúilicíní agus na muiríní ón Mhaoil Rua agus tagann muintir na háite agus turasóirí ar ais arís agus arís eile le roghanna an lae agus na béilte séasúracha uilig a bhlaiseadh. Tugtar scoth an eispéiris do chustaiméirí le bia blasta agus seirbhís ar dóigh do chustaiméirí in áit ar leith.

FACEBOOK +35374 91 50110 +35385 7667858

The Goose & Gander Pizzeria, na Dúnaibh (23km)

Suite i sráidbhaile Na Dúnaibh, díreach thar dhroichead Anraí Bléine ar an chéad leithinis eile, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar The Goose & Gander Pizzeria. Píotsa iontach blasta bácáilte ar adhmad, agus go leor roghanna cruthaitheacha ar fáil. Oscailte tráthnóna, 6 – 9pm.

FACEBOOK +35374 91 55009

The Travellers Inn, Baile na nGallóglach (26km)

Teach tábhairne agus bialann teaghlaigh i lár Bhaile na nGallóglach, le hoidhreacht a théann siar 150 bliain. Táirgí a fhaightear go háitiúil. Gairdín beorach agus siamsaíocht rialta san oíche.

FACEBOOK +35374 91 63499

Belles Kitchen, Ráth Maoláin (29km)

Is caifé / bistro nua-aimseartha é Belles Kitchen atá suite ar Bhóthar na Céibhe díreach 20 méadar ó thrá, cé agus muiríne Ráth Maoláin. Is fiú stopadh anseo fá choinne cuid den iasc úr is fearr atá le fáil in Iarthuaisceart Dhún na nGall. Is minic a bhíonn scuaine taobh amuigh, a bhíonn ina léiriú ar a fheabhas agus atá an áit. Tá biachlár blasta à la carte agus biachlár do bhéilí beaga ar fáil ag Belle’s Kitchen. Tá clú orthu go háitiúil agus i measc cuairteoirí as an tseirbhís den scoth, biachlár fairsing, bia ar phraghas réasúnta agus an “atmaisféar álainn”.

SUÍOMH GRÉASÁIN FACEBOOK +35374 91 58800

The Narrow Quarter, an Cheathrú Chaol (19.4km)

Buaiteoir iomlán Irish Café Awards 2019

Cuireann The Narrow Quarter Bistro & Coffeehouse atmaisféar deas suaimhneach ar fáil le sult a bhaint as bia úr, simplí agus áitiúil. D’oscail siad na doirse i mí Aibreáin 2018 agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin. Tá sé mar aidhm ag an bistro seo an oiread comhábhair áitiúla agus is féidir a úsáid, bíodh sé sin feoil ón bhúistéir áitiúil nó bradán deataithe ó ghnó sa cheantar. Bíonn an bistro oscailte don dinnéar Dé hAoine & Dé Sathairn i rith an tsamhraidh fosta, agus bíonn biachlár tráthnóna galánta neamhfhoirmeálta acu.

FACEBOOK +35374 91 50764

Bialann Chumann Gailf Phort an tSalainn (12km)

Tá bialann mhór sa Chlubtheach ag Cumann Gailf Phort an tSalainn, atá oscailte do ghalfairí agus do dhaoine den phobal. Tá béiltí móra blasta ar fáil agus beár iomlán acu. Tá sé suite in aice leis an chúrsa gailf agus in aice leis an trá.

FACEBOOK +35374 91 59459

An Bonnán Buí, Ráth Maoláin (29km)

Cuireann An Bonnán Buí meascán ar leith de mhiasa as Éirinn, as Eoraip agus as Meiriceá Theas ar fáil in áit chluthar i sráidbhaile Ráth Maoláin. Tá ardmholadh faighte ag an áit ó threoraithe cócaireachta cosúil le Georgina Campbell agus Bridgestone.

SUÍOMH GRÉASÁIN FACEBOOK +35374 91 58868

The Beachcomber Bar, Ráth Maoláin (29km)

Suite díreach ar imeall an uisce i Ráth Maoláin, tá cuid de na radharcanna is fearr ag The Beachcomber, ag amharc trasna ar an Inis agus Inis Eoghain. Tá biachlár le bia tábhairne, gairdín beorach agus oícheanta ceoil rialta ann.

SUÍOMH GRÉASÁIN +35374 91 58080

Teach Ráth Maoláin, Ráth Maoláin (29km)

Is óstán galánta 4 réalta é Teach Ráth Maoláin atá suite ar chladach Loch Súilí, ag freastal ar bhia i Batt’s Bar, sa Cook & Gardener Restaurant, agus sa Tap Room fá choinne píotsa blasta bácáilte ar chloch agus beoir Kinnegar a dhéantar go háitiúil. Tá an biachlár lán le táirgí ón ghairdín múrtha taobh amuigh. Bíodh sé fá choinne béile foirmeálta nó greim fánach le hithe, is é Teach Ráth Maoláin an áit le tú féin a mhilleadh.

SUÍOMH GRÉASÁIN +35374 91 58188

Fan thar oíche ag Teach Solais Fhánada

Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Múscail ar maidin le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara. Amharc thart ar thírdhreach galánta garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.

CUIR ÁIT IN ÁIRITHE LE FANACHTCUIR TURAS IN ÁIRITHE

Recent Posts on Instagram

Stay up to date

Sign up now for occasional news and offers

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.