Timpeallacht

Is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, Limistéar faoi Chosaint Speisialta agus Limistéar Oidhreachta Nádúrtha Beartaithe é Cionn Fhánada, le héagsúlacht mhór flóra agus fána.

Fiadhúlra Fhánada

Áit den scoth í Fánaid do dhaoine a bhfuil a gcroí sa nádúr. Tá raon leathan speiceas sa timpeallacht ghalánta chósta. Má tá an t-ádh ort, seans go mbeidh tú ábalta roinnt céiticeach a fheiceáil, cosúil leis an mhíol mór eiteach, an droimeiteach beag, grampair, deilfeanna nó muca mara. Tá go leor éan mara, éan cladaigh agus éan creiche le feiceáil anseo, chomh maith le speicis atá i mbaol cosúil leis an traonach, lena gháir ar leith.

 

Coinnigh súil amach do chuid de na héin seo a leanas ag an teach solais agus ar an chósta in aice láimhe – canóg bhán, gainéad, broigheall, seaga, éan aille, crosán, saidhbhéar, cánóg, faoileán, roilleach, luathrán, breacóg, feadóg an fháinne, cuirliún, foitheach rua, lóma mór, gealóg shneachta, lacha Lochlannach, lacha earrfhada, gé ghlas, bodaire gaoithe, clamhán, seabhac gorm, meirliún.

Is féidir rónta beaga agus rónta glasa a fheiceáil feadh chósta thuaidh Fhánada. Bíonn madaidh uisce, laghairteanna agus giorriacha Éireannacha le feiceáil sa cheantar fosta.

SPOTSOLAS AR SPEICIS

Gainéad

Is éin mhara móra agus suntasacha iad na gainéid – tá siad bán le sciatháin dhubha agus ceann órga ar leith. Bíonn na héin óga donn den chuid is mó le breac bán. Is iascairí iontacha iad agus tá clú agus cáil orthu as an ardluas. Bíonn siad ag tumadh isteach go hingearach san fharraige ó airde mhór – tá sé dochreidte!

Caitheann na gainéid an chuid is mó dá saol ar an fharraige agus tá siad ábalta achair mhóra a thaisteal leis na hóga a chothú – ní chuirfeadh turas fillte 200km isteach ná amach orthu! Glacann sé thart ar 4 bliana ar ghainéad aibíocht a bhaint amach, agus thig leo maireachtáil ar feadh suas le 35 bliain.

Caomhnú an Fhiadhúlra

Tá go leor bagairtí ar fhiadhúlra amach ón chósta, agus déanann muid ár ndícheall an tionchar a imríonn muid ar an timpeallacht áitiúil a laghdú, agus cuairteoirí a spreagadh leis an rud céanna a dhéanamh.

Tá plaisteach ar cheann de na fadhbanna is mó atá roimh an bheathra muirí, agus sin an fáth a dtéann muid i ngleic le plaistigh mar thosaíocht sa pholasaí inbhuanaitheachta. Ag Teach Solais Fhánada, ní úsáideann muid plaisteach aonúsáide ar bith sa ghnó s’againne. Gan soip, gan mhálaí plaisteacha, gan bhuidéil phlaisteacha!

TREOIR

Beartas Inbhuanaitheachta 2021-2022

“Tourism that takes full account of its current and future economic, social and
environmental impacts, addressing the needs of visitors, the industry, the
environment and host communities”. – UNWTO

ÍOSLÓDÁIL ANOIS

Book a Tour

For a truly special visit to Fanad Lighthouse, our guided tour experience is a must. All our guides are local and can give you an authentic insight into the Fanad peninsula and life at Fanad Lighthouse.

BOOK A TOURBOOK A STAY

Recent Posts on Instagram

Stay up to date

Sign up now for occasional news and offers

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.