Ceisteanna Coitianta & Suíomh

Ag smaointiú ar cad é atá romhat nó cén dóigh le teacht anseo?

Ceisteanna Coitianta

Cén fhad atá an turas agus cad é atá i gceist leis?

Níl teorainn ama ar bith ag baint leis na turais féintreoraithe, tá cead agat dul ar seachrán ar na tailte agus ar na spásanna taispeántais ar do chomhairle féin. 

Maireann na turais threoraithe sa túr 15 bhomaite, gan teorainn ama ar bith ar na heilimintí féintreoraithe. 

Maireann turais ghrúpa leis an turas treoraithe san áireamh thart ar 45 bomaite ag brath ar mhéid an ghrúpa, agus arís, tá cead ag cuairteoirí a bheith ag amharc thart ar na tailte ar a chomhairle féin.

Cén aois a chaithfidh mo pháiste a bheith leis an túr a dhreapadh?

Braitheann sé sin ar airde an pháiste, chan ar aois. Caithfidh páistí a bheith 1.2m ar airde ar a laghad leis an túr a dhreapadh.

Cad é a tharlaíonn má tá páiste againn atá róbheag le dul suas an túr?

Má tá do pháiste róbheag le dul suas an túr, is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí a seal a ghlacadh le dul suas an túr fad a fhanann an duine eile leis an pháiste. Mura bhfuil ach duine fásta amháin sa ghrúpa, ní bheidh cead acu dul suas an túr.

An bhfuil achan duine ábalta teacht ar an teach solais?

Is foirgneamh sean agus aisteach é an teach solais agus tá fadhbanna ann maidir le hinrochtaineacht. Tá rampa cathaoireacha rothaí againn le dul isteach sa teach solais ach ní féidir ach leo siúd atá ábalta an túr a dhreapadh teacht ar an chuid seo den fhoirgneamh.

Cé go ndéanann muid ár ndícheall freastal ar achan duine, má tá riachtanais ar leith agat, labhair linn sula gcuireann tú lóistín nó turas in áirithe. Tar i dteagmháil le info@fanadlighthouse.com nó cuir scairt ar +383 8091199 le do thuras a phlé agus tiocfaidh muid ar ais chugat chomh luath agus is féidir.

Cad iad na háiseanna atá ar an láthair?

Tá leithris ar fáil san ionad cuairteoirí roimh an teach solais, chomh maith le leithreas inrochtana. Tá páirceáil saor in aisce ag an ionad cuairteoirí fosta. Tá caifé ann inar féidir leat sólaistí beaga a fháil agus siopa ceardaíochta.

An mbíonn an lóistín oscailte i rith na bliana?

Bíonn. Le hamharc ar spásanna nó le lóistín a chur in áirithe, cliceáil anseo.

An mbíonn turais ar fáil i rith na bliana?

Bíonn turais ar fáil i rith na bliana. Ritheann muid turais rialta ar bhonn 6 nó 7 lá sa tseachtain ó Aibreán go Meán Fómhair. Taobh amuigh de na míonna seo, caith súil ar an amchlár mar go mbíonn seirbhís laghdaithe á cur ar fáil againn i rith mhíonna an gheimhridh. Cuirtear turais ghrúpa ar fáil le linn na bliana, agus thig le grúpaí beaga fiú turas a chur in áirithe roimh ré, íoschostas €50 (bíonn gnáthrátaí i bhfeidhm).

An nglactar le peataí sa Lóistín?

Glactar, tá cead agat do pheata a thabhairt leat má tá tú ag fanacht sa lóistín.

Le Teacht Anseo

Teach Solais Fhánada, Cionn Fhánada, Co Dhún na nGall, Éire. F92 YC03

Ar an mBóthar

I Leitir Ceanainn, glac an R940 go Ráth Mealtain. Lean ort go Baile na nGallóglach, agus cas ar dheis ag LIDL le dul ar an R246.

Gabh ar chlé ag an Cheathrú Chaol agus lean ort ar an R246 go dtagann tú chuig an T-acomhal go díreach i ndiaidh Bhaile Lár (chan an t-acomhal in aice le hOifig an Phoist).

Cas ar dheis agus lean an cósta go dtí an teach solais.

Iompar Poiblí

Tá bus LocalLink a théann idir Leitir Ceanainn agus Teach Solais Fhánada uair sa lá.

Ar Eitleán

Aerfort Dhún na nGall 71km
Aerfort Dhoire 90km
Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste 166km
Aerfort Bhaile Átha Cliath 271km

Fan thar oíche ag Teach Solais Fhánada

Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Múscail ar maidin le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara. Amharc thart ar thírdhreach galánta garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.

CUIR ÁIT IN ÁIRITHE LE FANACHTCUIR TURAS IN ÁIRITHE

Recent Posts on Instagram

Stay up to date

Sign up now for occasional news and offers

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.