Dearbhán Lóistín
An bhfuil tú ag lorg bronntanas iontach do dhuine inteacht do bhreithlá, do chomóradh pósta nó d’ócáid speisialta?
Bronntanas galánta é dearbhán chun stopadh ag Teach Solais Fhánada.
Thig linn an dearbhán a sheoladh mar ríomhphost le teachtaireacht phearsanta, nó mar chárta sa phost. Beidh an dearbhán bailí ar feadh 5 bliana, mar sin is féidir leis an duine a gheobhaidh é a úsáid ar a gcaoithiúlacht, agus is féidir aon fharasbarr a chaitheamh i Siopa nó i gCaifé an Tí Solais.
