An bhfuil tú ag smaointiú ar cá mhéad lá a fhanfaidh tú, nó cad iad na turais lae a thiocfadh leat a dhéanamh ar fud Dhún na nGall ag úsáid Theach Solais Fhánada mar bhunáit?
Tabhair Cuairt ar Dhún na nGall
DÚN NA nGALL
Seoid Cheilte na hÉireann
Is ceann scríbe ar leith é Dún na nGall le háiteanna fiáine agus galánta le fiosrú. Ó pháirc náisiúnta iontach Ghleann Bheatha go dtí an áit inar scannánaíodh Star Wars i gCionn Mhálanna, aillte farraige Shliabh Liag, na ceantair Ghaeltachta sa tuaisceart agus san iarthar, sléibhte na hEaragaile agus na Mucaise, oileáin ghalánta amach ón chósta agus bailte oidhreachta, níl iontas ar bith gur vótáladh Dún na nGall mar an Áit is Cúláilte ar Domhan (National Geographic Traveller, 2017).
Léarscáil DHÚN NA nGALL
Áiteanna le Feiceáil
Tá an oiread sin ar fáil i nDún na nGall don chuairteoir – ón pháirc náisiúnta go mullaí na sléibhte, ó leithinsí agus tránna go caisleáin agus foirgnimh oidhreachta, agus oileáin lán le pearsantacht amach ón chósta cosúil le Toraigh agus Árainn Mhór.
Cionn Mhálanna
Sráidbhaile an Ghorta Dhumhaí
Músaem Mara Inis Eoghain
An Dún Riabhach
Wild Ireland
Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse
Grianán Ailigh
Teach Cúirte Leifear
Páirc Ghort na Darach
Is eastát agus iarnród faoi úinéireacht phríobháideach é Páirc Ghort na Darach, le tírdhreach lán le fearann páirce, lochanna agus coillearnacha aibí, gairdín múrtha agus móinéir. Lá iontach amuigh ag amharc thart sna gairdíní, le cathair ghríobháin, crann sióige, dealbha, agus seomra tae le siopa bronntanais. Is galánta an traein do pháistí agus do pháistí móra araon! Imeachtaí bliantúla ar nós an Santa Express. https://oakfieldpark.com/ Guthán: 074 9173922 R-phost: gardens@oakfield_park
Leitir Ceanainn
Is é Leitir Ceanainn an baile is mó i nDún na nGall agus tá roinnt tarraingtí do chuairteoirí ann, cosúil le Tropical World (zú beag agus teach féileacán, le láthair bhogshúgartha taobh istigh), Feirm na Lorgaí Brice, Arena 7 (ionad babhlála agus láthair bhogshúgartha), Century Play, Ceathrú na hArdeaglaise, Músaem Chontae Dhún na nGall.
Ráth Mealtain
Ráth Maoláin
Ros Goill
Is é Ros Goill an leithinis siar ó Fhánaid, agus turas lae furasta atá ann chun dul trasna Droichead Anraí Bléine TUILLEADH EOLAIS
Caisleán na dTuath
Níos lú ná 30km ó Theach Solais Fhánada tá Caisleán na dTuath, in aice le sráidbhaile Charraig Airt. TUILLEADH EOLAIS
Siúlbhealach Dhún na nGall
Páirc Foraoise na hArdadh
Dún Fionnachaidh agus Corrán Binne
Muilte Arbhair agus Lín na Muilte Nua
Gailearaí Glebe
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Is é Gleann Bheatha an dara páirc náisiúnta is mó in Éirinn agus ba cheart go mbeadh sé ar achan phlean turais i nDún na nGall. Suite i gcroílár shléibhte Dhoire Bheatha, is fiántas iargúlta agus galánta é. TUILLEADH EOLAIS
An Mhucais
An Earagail
Feirm Peataí Radharc na hEaragaile
Ionad Cois Locha, Dún Lúiche
Gaoth Dobhair
Is é Gaoth Dobhair an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn, agus tá cuid de na radharcanna is galánta sa chontae ann. Tá nós láidir an cheoil thraidisiúnta ann chomh maith leis an t-aon amharclann Ghaeilge atá suite sa Ghaeltacht. Is bealach isteach é fosta chuig cuid de na hoileáin amach ón chósta i nDún na nGall, ar fiú go mór cuairt a thabhairt orthu.
Cnoc Fola
Toraigh – Tory
Árainn Mhór – Arranmore
Gabhla
Baile Dhún na nGall
Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall
Bealach Ghleann Géise
Sráidbhaile Dúchais Ghleann Cholm Cille
Sliabh Liag
Inis Bó Finne
- Cionn Mhálanna
- Sráidbhaile an Ghorta Dhumhaí
- Músaem Mara Inis Eoghain
- An Dún Riabhach
- Wild Ireland
- Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse
- Grianán Ailigh
- Teach Cúirte Leifear
- Páirc Ghort na Darach
- Leitir Ceanainn
- Ráth Mealtain
- Ráth Maoláin
- Ros Goill
- Caisleán na dTuath
- Siúlbhealach Dhún na nGall
- Páirc Foraoise na hArdadh
- Dún Fionnachaidh agus Corrán Binne
- Muilte Arbhair agus Lín na Muilte Nua
- Gailearaí Glebe
- Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
- An Mhucais
- An Earagail
- Feirm Peataí Radharc na hEaragaile
- Ionad Cois Locha / Lakeside Centre Dunlewey
- Gaoth Dobhair
- Cnoc Fola
- Toraigh – Tory
- Árainn Mhór – Arranmore
- Gabhla & Inis Bó Finne – Gola & Inish Bofin
- Baile Dhún na nGall
- Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall
- Bealach Ghleann Géise
- Sráidbhaile Dúchais Ghleann Cholm Cille
- Sliabh Liag
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Is é Gleann Bheatha an dara páirc náisiúnta is mó in Éirinn agus ba cheart go mbeadh sé ar achan phlean turais i nDún na nGall. Suite i gcroílár shléibhte Dhoire Bheatha, is fiántas iargúlta agus galánta é. Thig leat turas treoraithe a dhéanamh thart ar an chaisleán, súil a chaitheamh ar na gairdíní agus gairdín múrtha le cineálacha oidhreachta torthaí agus glasraí, nó tabhairt faoi shiúlóid trí áiteanna móra le talamh sléibhtiúil garbh gan mhilleadh. Coinnigh súil amach don fhiadhúlra, d’iolair agus d’fhianna ach go háirithe. Thig leat dul ag rothaíocht sa pháirc agus fiú rothar leictreach a fháil ar cíos ó Grass Routes Bicycle Hire in aice leis an bhealach isteach.
Ní fada ó Ghleann Bheatha tá sléibhte éachtacha na hEaragaile agus na Mucaise, an dá cheann a bhfuil an-tóir orthu i measc na siúlóirí.
Ros Goill
Is é Ros Goill an leithinis siar ó Fhánaid, agus turas lae furasta atá ann chun dul trasna Droichead Anraí Bléine go sráidbhailte Charraig Airt agus Na Dúnaibh.
Idir an dá áit seo tá ionad gailf Mhachaire Loiscthe. Ag an ché sna Dúnaibh, thig leat gunna ón SS Laurentic a fheiceáil, a chuaigh go tóin poill i Loch Súilí in 1917. Is fiú go mór Bealach an Aigéin a ghlacadh thart ar an leithinis as na Dúnaibh le sult a bhaint as na radharcanna galánta. Páirceáil suas ag ionad amhairc Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag Baile an Iascaire le hamharc ar an fharraige suaite agus sult a bhaint as an radharc ar leith ar Oileán Thoraí. Níos faide ar aghaidh tá radharc galánta ar Thrá na Rosann, agus thairis sin thig leat teacht ar thrá iontach aitheanta Bá Íochtair.
Caisleán na dTuath
Níos lú ná 30km ó Theach Solais Fhánada tá Caisleán na dTuath, in aice le sráidbhaile Charraig Airt. Téann sé siar go dtí an 15ú haois agus bhí sé ina dhaingean ag Clann Mhic Suibhne ar feadh chóir a bheith 200 bliain. Tógadh ar bharr na leithinse bige é, os cionn Chuan na gCaorach.
Turais threoraithe ar fáil i mí Iúil agus Lúnasa, chomh maith le siopa beag caife/bronntanais. Bainfidh na páistí sult as a bheith ag rith tríd na tailte agus ag iarraidh teacht ar na doinsiúin!
Páirc Foraoise na hArdadh
Clúdaíonn Páirc Foraoise na hArdadh thart ar 480 acra agus cuimsíonn sí gnáthóga éagsúla, ina measc dumhcha, tránna, riasca goirt, lochanna sáile, éadan carraige agus coillearnacha buaircíneacha agus duillsilteacha. Tá go leor cosáin foraoise agus cósta sa pháirc chomh maith le háit súgartha do pháistí agus loch le lachain.
Tá Carraig an Aifrinn ann (áit a ndearnadh Aifreann a cheiliúradh le linn aimsir na bpéindlíthe), tobar naofa, iarsmaí de cheithre ráth agus roinnt tuamaí meigiliteacha. Thig leat teacht ar an pháirc fosta trí Mhainistir Caipisíneach ag an Ardaidh, i ndiaidh cosán gearr cósta go dtí Trá Bhinn Ghorm.
Dún Fionnachaidh agus Corrán Binne
Is sráidbhaile cois farraige mór le rá é Dún Fionnachaidh 40km siar ó Theach Solais Fhánada, le roinnt bialanna, tithe tábhairne agus siopaí ceardaíochta den scoth agus roinnt tránna áille in aice láimhe. Tá áit súgartha samhlaíoch do pháistí in aice le músaem Theach na mBocht i nDún Fionnachaidh.
Tabhair cuairt ar Chorrán Binne fiáin agus sceirdiúil – pointe fionnachtana ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le radharc ar dóigh ar Chuan na gCaorach.
Bealach eile leis na haillte a fheiceáil ná turas a dhéanamh le Seas The Bay, atá lonnaithe ag Cé Phort na Bláiche, a thugann cuairt ar an choilíneacht éan mara is mó san Eoraip ag bun na n-aillte. Ritheann Dún Fionnachaidh Féile Snagcheoil & Blues achan mhí Mheán Fómhair.
Ráth Mealtain
Ar do bhealach go Fánaid, rachaidh tú trí Ráth Mealtain, baile oidhreachta iontach gleoite le roinnt seanfhoirgnimh ar leith, tithe Seoirseacha dea-chaomhnaithe agus An Leanainn i gcroílár an bhaile. Tá sé ar cheann de chúig Bhaile Oidhreachta ainmnithe i nDún na nGall. Tá roinnt tithe tábhairne beaga deasa sa bhaile, agus féile snagcheoil bhliantúil Django Sur Lennon.
Ráth Maoláin
Áit ghalánta í Ráth Maoláin le lá a chaitheamh cois farraige. Ba é an baile stairiúil seo an áit ar tharla Imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, imeacht ríthábhachtach a chuir deireadh leis an ord Gaelach i gCúige Uladh agus tús Phlandáil Uladh. Tá dealbh ghalánta ag comóradh na hócáide in aice leis an trá. Tá trá ghainmheach ghalánta, áit súgartha, cé oibre agus muiríne i Ráth Maoláin. Tá club seoltóireachta agus áiseanna bríomhara spóirt uisce ann. I rith an tsamhraidh, thig leat dul ar an bhád farantóireachta as seo go Bun Cranncha trasna Loch Súilí. Bíonn féile bhliantúil ar siúl an chéad seachtain de Lúnasa, agus Lá an Regatta ar an Luan saoire bainc i mí Lúnasa.
Inis Eoghain
Tá Inis Eoghain suite soir ó Fhánaid, ar an taobh eile de Loch Súilí. I rith an tsamhraidh, ritheann bád farantóireachta idir Ráth Maoláin agus Bun Cranncha agus is féidir carranna a thabhairt ar bord. Seachas sin, tá teacht ar Inis Eoghain i gcónaí ar an bhóthar agus is áit iontach é le cuairt a thabhairt air – mar thuras lae ó Fhánaid nó mar an chéad stad eile ar do thuras. I measc na mbuaicphointí tá an áit inar scannánaíodh Star Wars i gCionn Mhálanna, An Dún Riabhach, Wild Ireland, An Mám Mór, Sráidbhaile an Ghorta Dhumhaí, Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse agus Grianán Ailigh.
Aillte Shliabh Liag
Tá cuid de na haillte farraige is airde san Eoraip le fáil in aice leis an chalafort iascaireachta is mó in Éirinn ag na Cealla Beaga i ndeisceart Dhún na nGall. Tugann aillte Shliabh Liag radharcanna den scoth thar an Atlantach, sléibhte Shligigh agus Chuan Dhún na nGall. Tá éadan Bhun Glas 600m os cionn na farraige. Bhí sé seo ina láthair oilithreachta ar feadh na mílte bliain. Is Pointe Sár-Radhairc anois é ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Páirc Ghort na Darach
Is eastát agus iarnród faoi úinéireacht phríobháideach é Páirc Ghort na Darach, a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige, le tírdhreach lán le fearann páirce, lochanna, coillearnacha aibí, gairdíní múrtha agus móinéir. Lá iontach amuigh ag amharc thart sna gairdíní, le cathair ghríobháin, crann sióige, dealbha, clós súgartha, seomraí tae agus siopa bronntanais. Is galánta an turas traenach 4km ar fad do pháistí agus do pháistí móra araon! Bíonn go leor imeachtaí mór le rá acu cosúil le Oakfest, Picnic na dTeidithe, Eispéireas Harry Potter agus an Santa Express.
Guthán: 074 9173922
R-phost: gardens@oakfieldpark.com
Gaoth Dobhair
Is é Gaoth Dobhair an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn, agus tá cuid de na radharcanna is galánta sa chontae ann. Tá nós láidir an cheoil thraidisiúnta ann chomh maith leis an t-aon amharclann Ghaeilge atá suite sa Ghaeltacht. Is bealach isteach é fosta chuig cuid de na hoileáin amach ón chósta i nDún na nGall, ar fiú go mór cuairt a thabhairt orthu.
Leitir Ceanainn
Is é Leitir Ceanainn an baile is mó i nDún na nGall agus tá roinnt tarraingtí do chuairteoirí ann, cosúil le Tropical World (zú beag agus teach féileacán, le láthair bhogshúgartha taobh istigh), Feirm na Lorgaí Brice, Arena 7 (ionad babhlála agus láthair bhogshúgartha), Century Play, Ceathrú na hArdeaglaise, Músaem Chontae Dhún na nGall.
Fan thar oíche ag Teach Solais Fhánada
Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Múscail ar maidin le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara. Amharc thart ar thírdhreach galánta garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.







