Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Múscail ar maidin le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara.
Lóistín ag Teach Solais Fhánada
AN RAIBH A FHIOS AGAT GO dTIG LEAT
Fanacht thar oíche ag Teach Solais Fhánada?
Fan thar oíche ag ceann de na tithe solais is aitheanta in Éirinn fá choinne eispéireas ar leith. Mar theach solais atá ag obair go fóill agus pointe ar leith ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, is cinnte gurb é seo ceann le cur ar an liosta sula bhfaighidh tú bás!
Tá lóistín ar fáil ag Teach Solais Fhánada i rith na bliana i dtrí theach ghalánta a bhí ag iarchoimeádaí an tí solais fadó, agus tá radharcanna iontacha amach ar an fharraige acu ar fad. Athchóiríodh iad in 2015 agus tá siad lán de charachtar traidisiúnta, ach le hachan áis a bheadh de dhíth ort in áit saoire fosta.
Bain sult as fiántas na háite galánta seo agus glac sos ón saol nua-aimseartha.
Eispéireas Folláine Roghnach
Tá rogha ag aíonna fosta a gcuairt a fheabhsú le heispéireas uathúil folláine cois cósta arna óstáil ag Evolve with AF. Agus cúlra iontach Theach Solais Fhánada mar shuíomh, cuireann an seisiún tumthach seo gluaiseacht threoraithe, síneadh, anáil, samhlaíocht, machnamh agus dialannú le chéile; deartha le cuidiú leat maolú, dul i dteagmháil arís, agus tú féin a athnuachan go hiomlán cois farraige.
Seomraí atá ar Fáil & Áirithintí
TABHAIR BRONNTANAS
Dearbháin Lóistín
An bhfuil tú ag lorg bronntanas iontach do dhuine inteacht do bhreithlá, do chomóradh pósta nó d’ócáid speisialta?
Bronntanas galánta é dearbhán chun stopadh ag Teach Solais Fhánada.
Thig linn an dearbhán a sheoladh mar ríomhphost le teachtaireacht phearsanta, nó mar chárta sa phost.
LE DÉANAMH I bhFÁNAID
Do Shaoire a Phleanáil
An bhfuil tú ag smaointiú ar cá mhéad lá a fhanfaidh tú, nó cad iad na turais lae a thiocfadh leat a dhéanamh ar fud an chontae ag úsáid Theach Solais Fhánada mar bhunáit? Amharc ar ‘Pleanáil do Thuras’ fá choinne rogha radharcanna agus rudaí le déanamh sa cheantar.
Tá réimse leathan tránna, siúlóidí cósta agus cnoic, tonnmharcaíocht, cadhcáil agus galfchúrsa 18-poll i bhFánaid.

















