Lóistín beag galánta ar dhá leibhéal, a bheadh foirfe do chúpla nó do dhuine amháin atá ag iarraidh éalú ón ghnáthshaol. Paitió príobháideach le radhairc speisialta.
Radharc an Dúin Riabhaigh
Pleanáil do shaoire shuaimhneach inniu…
D’fhan an drámadóir Éireannach mór le rá Brendan Behan sa Dún Riabhach nuair a bhí sé lonnaithe anseo mar phéintéir le Irish Lights. Sa lá atá inniu ann, tugann Radharc an Dúin Riabhaigh deis duit éalú i do dhomhan féin i dteachín cluthar agus iontach rómánsúil, nach bhfuil spás ann ach fá choinne beirte.
Bain sult as caife na maidine ar do phaitió príobháideach agus bí spreagtha ag Loch Súilí stairiúil, cnoic Fhánada, an cósta garbh agus suaimhneas na Trá Báine. Sa tráthnóna, luigh isteach le do ghrá geal nó déan tú féin a chuachadh ar an tolg le leabhar maith os comhair tine mhóna.
Thuas Staighre
- Cistin/seomra bia le haonaid phéinteáilte agus tábla bricfeasta.
- Seomra suí le sorn beag adhmaid.
- Radhairc áille ar chnoic Fhánada agus ar an Trá Bhán.
Thíos Staighre
- Seomra cithfholctha.
- Seomra leapa: Leaba dhúbailte.
- Radharc ar an fharraige.
- Paitió príobháideach.
Cuirtear fáilte roimh mhadaidh sa lóistín.
Gailearaí
Cuir Radharc an Dúin Riabhaigh in áirithe
Amharc ar na teachíní beaga eile atá againn
Bain sult as fiántas na háite galánta seo agus glac sos ón saol nua-aimseartha.





