Amharc ar éirí na gréine os cionn an Atlantaigh i dteachín Radharc Thoraí. Lóistín do cheathrar le seomra dúbailte agus seomra dhá leaba.
Radharc Thoraí
Pleanáil do shaoire shuaimhneach inniu…
Amharc ar éirí na gréine os cionn an Atlantaigh i dteachín Radharc Thoraí. Lóistín do cheathrar le seomra dúbailte agus seomra dhá leaba. Bain sult as an chistin mór agus seomra bia atá cosúil le teachín beag tuaithe. Tá radharcanna den scoth as achan taobh – cistin a bhfuil a haghaidh ó dheas i dtreo chnoic Fhánada agus an Trá Bhán agus na seomraí codlata ag amharc ó thuaidh ar an Atlantach.
Má bhíonn an t-ádh leat, b’fhéidir go bhfeicfidh tú an Aurora Borealis. Bain sult as gloine bheag fíona cois tine, bíodh folcadh agat sa tobán folctha ar an tseanstíl, agus ansin neadaigh síos sa leaba chompordach le go mbeidh oíche mhaith chodlata agat. Anois an t-am le dul i mbun pleanála….
Áiseanna
- Cistin/seomra bia mór agus geal le haonaid phéinteáilte sa chistin agus gach fearas tí curtha ar fáil duit.
- Seomra leapa 1: Leaba dhúbailte, radharc ar an Atlantach.
- Seomra leapa 2: Seomra dhá leaba, radharc ar an Atlantach.
- Seomra suí: seomra mór a bhfuil a aghaidh ó thuaidh agus sorn deas cluthar le breosla curtha ar fáil duit.
- Seomra folctha: folcadán saorsheasaimh, adhmad ar na ballaí, cithfholcadán leictreach.
- Halla mór
Cuirtear fáilte roimh mhadaidh sa lóistín.
Gailearaí
Cuir Radharc Thoraí in áirithe
Amharc ar na teachíní beaga eile atá againn
Bain sult as fiántas na háite galánta seo agus glac sos ón saol nua-aimseartha.




