Bain sult as an draíocht ar leith ag Teach Solais Fhánada

Déan turas nó stop i gceann de thithe athchóirithe na gcoimeádaithe tí solais

AN MÉID ATÁ AR FÁIL AGAINN

Tá aistear dochreidte os do chomhair amach…

Seoid Cheilte na hÉireann

Is teach solais aitheanta é Teach Solais Fhánada ag béal Loch Súilí, atá go fóill ag obair go dtí an lá inniu. Tá sé vótáilte mar cheann de na tithe solais is galánta ar domhan agus is furasta a fheiceáil cad chuige. Is é an foirgneamh galánta oidhreachta seo an phríomhtharraingt do thurasóirí i bhFánaid, ceantar fíorálainn nádúrtha a bhfuil go leor ar fáil ann do chuairteoirí.

Tar chugainn ag Teach Solais Fhánada leis an áit a fhiosrú, sult a bhaint as flaithiúlacht na dtreoraithe áitiúla agus tamall a chaitheamh faoi dhraíocht Thuaisceart Dhún na nGall.

FÚINN

LÓISTÍN

Pleanáil do Chuairt

Tá lóistín ar fáil ag Teach Solais Fhánada i rith na bliana i dtrí theach ghalánta a bhí ag iarchoimeádaí an tí solais fadó, agus tá radharcanna iontacha amach ar an fharraige acu ar fad. Tá siad lán de charachtar traidisiúnta le hachan áis a bheadh de dhíth ort in áit saoire. Bain sult as fiántas na háite galánta seo agus glac sos ón saol nua-aimseartha.

CUIR IN ÁIRITHE ANOIS

CUIR ÁIT IN ÁIRITHE LINN

Réimse Leathan Turas

Tá turais threoraithe, turais ghrúpa, turais scoile agus turais phríobháideacha ar fáil againn anseo. Cuir d’áit in áirithe anois le dul i mbun eachtraíochta.

CUIR TURAS IN ÁIRITHE

Poist is Déanaí ar Instagram

Fan Cothrom le Dáta

Cláraigh anois le haghaidh nuachta agus tairiscintí ó am go chéile

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.