Is teachín galánta féinfhreastail é Radharc Inis Trá Tholl, le spás do bheirt fhásta agus beirt pháistí ar a mhéad, agus radharc den scoth ar Loch Súilí.
Radharc Inis Trá Tholl
Pleanáil do shaoire shuaimhneach inniu…
Is teachín galánta féinfhreastail é Radharc Inis Trá Tholl, le spás do bheirt fhásta agus beirt pháistí agus radharc den scoth ar Loch Súilí. Tá príomhsheomra leapa ann le leaba dhúbailte agus leaba thoilg dúbailte breise, a mholaimid do pháistí, sa seomra suí fairsing.
Seo an áit a stopfadh príomhchoimeádaí an tí solais fadó fadó. Bain triail as saol choimeádaí an tí solais ach le hachan áis a bheadh de dhíth ort sa teach galánta athchóirithe seo, agus gabh ar shiúlóid thart fán teach solais mór atá fós ag obair s’againne. Coinnigh súil amach do chéiticigh nó, ag an am ceart den bhliain, na Gealáin Thuaidh. Tá saoire iomlán suaimhneach os do chomhair amach.
- Bealach isteach/seomra fóntais, radharc amach ar Loch Súilí.
- Cistin bheag le cófraí péinteáilte.
- Seomra bia, radharc soir ar Loch Súilí.
- Seomra suí, leaba thoilg dúbailte (fóirsteanach do pháistí), tine oscailte, radharc soir ar Loch Súilí.
- Seomra leapa: Leaba dhúbailte, radharc ó thuaidh ar an Atlantach agus an teach solais.
- Seomra folctha, ballaí a bhfuil tíleanna orthu, cithfholcadán leictreach, folcadán agus doirteal.
Cuirtear fáilte roimh mhadaidh sa lóistín.
Gailearaí
Cuir Radharc Inis Trá Tholl in áirithe
Amharc ar na teachíní beaga eile atá againn
Bain sult as fiántas na háite galánta seo agus glac sos ón saol nua-aimseartha.





