Cuir eolas ar Leithinis Fhánada, Gaeltacht Fhánada agus Loch Súilí.
Tabhair Cuairt ar Leithinis Fhánada
Leithinis Fhánada
Leithinis i dTuaisceart Dhún na nGall í Fánaid. Ag breathnú soir trasna Loch Súilí feiceann tú leithinis dhrámatúil Inis Eoghain, agus Cionn Mhálanna ar a bharr ar fad. San iarthar, trasna Bhá na Maoile Rua, tá leithinis gleoite Ros Goill, atá nasctha le Fánaid le droichead Harry Blaney ó 2009.
Is ceantar tuaithe é Fánaid ina raibh an fheirmeoireacht mar shlí bheatha go traidisiúnta. Le blianta fada bhí tionscal cairéalaithe eibhir rathúil anseo, agus feicfidh tú samplaí áille d’eibhear Fhánada agus tú ag cnocadóireacht nó ar go leor dár dtránna. Pobal beag iascaireachta a bhí i bhFánaid fosta go dtí an lá atá inniu ann.
Is iomaí buaicphointí a bheidh ann ar do chuairt ar Fhánaid. Dreap an bóthar ag Cnoc Colbha (de shiúl na gcos nó sa charr) le haghaidh ceann de na hamhairc is iontaí de chuid Fhánada – Bá Bhaile Mhic an Stocaire, trá ar chaith an Observer vóta uirthi uair amháin ar an dara thrá is áille ar domhan. (Ach sílinn sinn gurb é an trá is áille é!)
Tabhair cuairt ar an gcé ag Port an tSalainn le haghaidh cúpla cé-léim, greim le hithe nó pionta i dTeach Tábhairne Stores ón tsean-domhain. Téigh ar thuras slatiascaireachta nó ar thuras treoraithe cadhcála chun na Seacht nÁirse atá i bhfolach feadh chósta thoir Fhánada a aimsiú. Aimsigh Cnoc na Boirne chun na hamhairc chomh fada agus is féidir leis an tsúil a fheiceáil. Agus ar ndóigh, téigh ar cuairt ar Theach Solais Fhánada.
Gaeltacht Fhánada
Tá cuid d’Fhánaid ina Ghaeltacht ainmnithe, ceantar ina labhraítear Gaeilge, agus áirítear leis seo an ceantar ina bhfuil Teach Solais Fhánada suite. Tá grúpa pobail áitiúil, Gaeltacht Bheo Fhánada, tiomanta dá chinntiú gur teanga bheo í an Ghaeilge sa réigiún, agus is é Teach Solais Fhánada an t-ionad seirbhísí teanga atá ainmnithe don cheantar fosta.
In 2015 bhuaigh Gaeltacht Bheo Fhánada gradam náisiúnta Mórtas Ceantair as a gcuid oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn anseo. Tá go leor de Ghaeltachtaí na hÉireann i gceantair thuaithe ina bhfuil meath an daonra ar cheann den iliomad dúshlán don Ghaeilge.
Scéal fada casta atá i scéal mheath na Gaeilge. D’fhulaing sí mar gheall ar choilíniú, eisimirce agus imirce tuaithe-uirbeach. Tá iarrachtaí ollmhóra á ndéanamh anois chun a chinntiú go n-urramaítear agus go dtacaítear leis an Ghaeilge in Éirinn. Tá an Ghaeilge ina cuid mhór dár gcultúr. ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ – ‘A land without language is a land without soul’.
Táimid bródúil as a bheith mar chuid de Ghaeltacht Fhánada agus tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as ár dteanga a chluinstin nuair a thagann tú ar cuairt linn. Tá áthas orainn gnó a dhéanamh i nGaeilge agus, go deimhin, turais ‘As Gaeilge’ a thairiscint. Labhair Gaeilge linn!
Loch Súilí
Ciallaíonn Loch Súilí Loch na Scáthanna, nó Loch na Súl sa Ghaeilge. Tá Loch Súilí ar cheann de thrí fhiord oighreach in Éirinn. Tá leithinsí áille sléibhtiúla ar achan taobh – Inis Eoghain san oirthear agus Fánaid san iarthar.
Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis ón ré ársa. Tá an Grianán, Aileach suite gar do lúb theas an locha – dún cloiche athchóirithe a chreidtear a tógadh sa chéad aois ar shuíomh chnocfort luath na hIarannaoise.
Tharla ceann de na himeachtaí ba shuntasaí i stair na hÉireann i Ráth Maoláin, thart ar 30km ó dheas ó Theach Solais Fhánada. Ba é an baile stairiúil seo an áit ar tharla Imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, imeacht ríthábhachtach lenar chuir lonnaitheoirí Sasanacha agus Albanacha deireadh leis an ord Gaelach i gCúige Uladh agus tús Phlandáil Uladh.
Tá dún Napoléon ar bhóthar chósta Chnoc Colbha. Tá sé ar cheann de roinnt dúnta den sórt sin a tógadh thart ar Loch Súilí chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionradh na Fraince. Go díreach trasna uaidh seo tá Dún an Dúin Riabhaigh, a tógadh freisin le linn na gCogaí Napoléon, a athraíodh ina dhiaidh sin ina champa míleata a úsáideadh le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Mar chuid den Chéad Chogadh Domhanda, baineadh úsáid as Loch Súilí mar áit dídine do Mhórchabhlach na Breataine faoi cheannas an Aimiréil Jellicoe.
Mar gheall ar a shuíomh straitéiseach agus ar an uisce domhain, b’ionann é agus bonn foirfe don chabhlach mór le rá, a rinne gaisce lena 40 cathlong den chéad scoth. Bhí an Dún Riabhach chomh tábhachtach sin do lucht na Breataine gur choinnigh siad ceannas air mar chuid den Chonradh Angla-Éireannach 1921 go dtí 1938. Tá músaem míleata anseo sa lá atá inniu ann, chomh maith le roinnt siúlóidí iontacha aille agus cósta agus teach solais fosta.
Fan thar oíche ag Teach Solais Fhánada
Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Múscail ar maidin le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara. Amharc thart ar thírdhreach galánta garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.






