Spreagtha ag an tírdhreach, an teanga agus an oidhreacht s’againn, cuireann muid Fánaid chun cinn ar fud an domhain le tairbhe a dhéanamh d’Fhánaid ar leibhéal áitiúil.
Inbhuanaitheacht
Inbhuanaitheacht
Ag Teach Solais Fhánada, tá an inbhuanaitheacht ag croílár achan rud a dhéanann muid. Mar fhiontar sóisialta, tá muid ag iarraidh forbairt a dhéanamh mar acmhainn don phobal áitiúil, ó thaobh cultúir agus eacnamaíochta de, trí fhostaíocht a chur ar fáil i gceantar iargúlta tuaithe, agus trí eispéireas cuairteoirí a chur ar fáil a mbeidh pobal s’againne bródúil as. Tá muid ag iarraidh a chinntiú go mbaineann cuairteoirí sult as a gcuid ama anseo, agus ag an am céanna cosaint a thabhairt do na rudaí a dhéanann speisialta é – an timpeallacht chósta seo, an fiadhúlra a chónaíonn ann, agus an foirgneamh oidhreachta ar leith.
Cúpla sampla de bhealaí ina n-oibríonn muid i dtreo na hinbhuanaitheachta is ea:
- Tá muid mar bhall de Thaisteal Inbhuanaithe Éireann
- Tá muid mar bhall de Leave No Trace
- Tá muid mar bhall de Phlean Uile-Éireann um Phailniú
- Tá muid comhcheangailte le Clean Coasts
- Tá oiliúint éiceathurasóireachta creidiúnaithe againn le clár Oidhreachta an Atlantaigh Fhiáin
- Tá Polasaí gan Phlaisteach againn, gan phlaistigh aonúsáide ar bith sa tsiopa, sa chaifé, nó in áit ar bith eile ar an láthair – buidéil ghloine agus cupáin inmhúirínithe nó in-athúsáidte sa chaifé
- Earraí agus seirbhísí a fháil go háitiúil an oiread agus is féidir
- Forbairt mar mhol pobail, mar acmhainn do mhuintir na háite agus do ghrúpaí pobail
- An Ghaeilge a labhairt, a chur chun cinn agus tacú léi – is muid na seirbhísí teanga ainmnithe do Ghaeltacht Fhánada
- Deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí, ceardaithe, dearthóirí agus grianghrafadóirí áitiúla, a bhfuil obair s’acu ar fáil sa tsiopa ceardaíochta
- Soláthraithe a roghnú a úsáideann ábhair eiticiúla nach ndéanann dochar don timpeallacht le pacáistiú inbhuanaithe/in-bhithmhillte
- Oideachas agus imeachtaí le béim a leagan ar thábhacht ár dtimpeallacht mhara agus chósta
- Ranníocaíochtaí le hEolaíocht Saoránach a spreagadh
- Margaíocht fhreagrach
TREOIR
Beartas Inbhuanaitheachta 2023-2024
“Tourism that takes full account of its current and future economic, social and environmental impacts, addressing the needs of visitors, the industry, the environment and host communities”. – UNWTO