Turais Ghrúpa agus Scoile
‘Bhí treoraí pearsanta againn a bhí thar barr, go leor scéalta agus go leor eolas fíorasach… Thug ár dtreoraí an teach solais chun beatha ag gach céim dár dturas. Lá iontach i gceann de na háiteanna is áille ar domhan’
Richard James
TURAIS GHRÚPA
Fáilte roimh chách i rith na bliana
Tar agus faigh fáilte chroíúil Dhún na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, breathnaigh ar ár gcósta iontach agus éist le scéal an tí solais clúiteach seo atá ag obair go foill, ó threoraithe áitiúla a bhfuil saibhreas eolais acu.
Níl aon teorann ar uasmhéid líon ghrúpa ach tabhair faoi deara gur féidir le líon teoranta daoine an túr a dhreapadh ag an am céanna. I gcás grúpaí níos mó, déanann muid gnéithe áirithe den turas a rothlú ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as an turas le chéile.
Cuireann muid fáilte roimh cheisteanna ó ghrúpaí a bhfuil sainspéis acu sa ghrianghrafadóireacht, spéir na hoíche, gníomhaíochtaí cois cósta, agus is féidir linn comhairle a chur ar sholáthraithe gníomhaíochta áitiúla más mian leat do chuairt a chomhcheangal le gníomhaíocht ghrúpa eile.
radharc dochreidte 360
Suas An Túr
Foghlaim faoi lucht coimeádta na dtithe solais agus a dteaghlaigh, longbhriseadh de chuid Loch Súilí, agus an dóigh a d’athraigh an solas féin thar dhá chéad bliain de longa a choinneáil sábháilte ar an fharraige. Téigh suas 76 céim go barr an túir chun radharcanna iontacha a fháil ar an talamh agus ar an fharraige.
Breathnaigh ar radharcra álainn garbh Chionn Fhánada, pointe Fionnachtana ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bain sult as caife & sneaiceanna, nó déan brabhsáil sa siopa ceardaíochta le haghaidh roinnt cuimhneacháin uathúla agus ceardaíocht áitiúil.
TURAIS SCOILE
Oideachas do chách
s áit iontach é Teach Solais Fhánada le haghaidh turas oideachasúil, ag leibhéal náisiúnta agus meánscoile chomh maith le tríú leibhéal. (Tabhair faoi deara le do thoil an srian íos-airde de 1.2m). Oiriúnach do thurais ghinearálta lae agus do ghníomhaíochtaí na hIdirbhliana.
Turas trí Ghaeilge ar fáil
is féidir turas a nascadh leis na HÁBHAR seo a leanas
Ábhair/Topaicí Scoile
- Tíreolaíocht
- Timpeallacht
- Gaeilge
- Ealaín
- Eolaíocht
- Stair
- Geolaíocht
- Turasóireacht
- Grianghrafadóireacht
- Gnó
Déan Fiosrúchán