Inspired by our landscape, language and heritage we promote Fanad globally to benefit Fanad locally.
Inbhuanaitheacht
Inbhuanaitheacht
Tá inbhuanaitheacht i dTeach Solais Fhánad mar bhonn agus mar thaca ag gach rud a dhéanaimid. Mar fhiontar sóisialta ba mhaith linn a fhorbairt mar shócmhainn don phobal áitiúil, go cultúrtha agus go heacnamaíoch, trí fhostaíocht a sholáthar i gceantar iargúlta, tuaithe, agus trí eispéireas cuairteoirí a thógáil ar féidir lenár bpobal a bheith bródúil as. Ba mhaith linn a chinntiú go mbainfidh cuairteoirí taitneamh as a gcuid ama anseo, agus ag an am céanna cosaint a thabhairt do na rudaí a dhéanann speisialta é – an timpeallacht iontach cósta seo, an fiadhúlra a chónaíonn ann, agus an foirgneamh uathúil oidhreachta seo.
Is samplaí iad na bealaí ina n-oibrímid i dtreo na hinbhuanaitheachta:
- Is ball sinn de Taisteal Inbhuanaithe Éireann
- Is ball sinn de Leave No Trace
- Is ball muid den Phlean Uile-Éireann um Phailniú
- Is cleamhnaithe de Chóstaí Glana muid
- Tá oiliúint éicthurasóireachta creidiúnaithe againn le clár Oidhreachta an Atlantaigh Fhiáin
- Tá polasaí Gan Plaistigh againn – gan aon phlaistigh aonúsáide sa siopa, sa chaifé, nó in aon áit eile ar an láthair – buidéil ghloine agus cupáin in-múirín nó in-athúsáidte sa chaifé.
- Earraí agus seirbhísí a fhoinsiú go háitiúil oiread agus is féidir
- Ag forbairt mar mhol pobail, mar shócmhainn do mhuintir na háite agus do ghrúpaí pobail
- Labhairt, cothú agus tacaíocht na Gaeilge – is sinne na seirbhísí teanga ainmnithe do Ghaeltacht Fhánaid
- Deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí, do cheardaithe, do dhearthóirí agus do ghrianghrafadóirí áitiúla, a mbíonn a gcuid oibre ar stoc againn inár siopa ceardaíochta
- Soláthraithe a roghnú a úsáideann ábhair eiticiúla agus éicea-chairdiúla le pacáistiú inbhuanaithe/bhithdhíghrádaithe
- Oideachas agus imeachtaí chun béim a leagan ar an tábhacht atá lenár dtimpeallacht mhuirí agus chósta
- Ranníocaíochtaí a spreagadh le hEolaíocht Saoránach
- Margaíocht fhreagrach
TREOIR
Beartas Inbhuanaitheachta 2023-2024 as Bearla
“Turasóireacht a chuireann san áireamh go hiomlán a tionchair eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil faoi láthair agus sa todhchaí, ag tabhairt aghaidh ar riachtanais na gcuairteoirí, an tionscail, an chomhshaoil agus na bpobal aíochta”. – UNWTO