Is ceantar saibhir ó thaobh na stáire mhuirí de an tAtlantach Thuaidh, agus tá go leor longbhristeacha suimiúil amach ón chósta, agus is féidir tumadóireacht a dhéanamh ar go leor acu inniu.
Sa bhliain 1914, ba í HMS Audacious ceann de na chéad chaillteanais sa Chéad Chogadh Domhanda. Long chogaidh den rang V de chuid Rí Seoirse í, agus ní bhfuair deis dul chun cogaidh riamh. Ar 24 Deireadh Fómhair 1914, agus í ar chleachtaí oiliúna, bhuail sí mianach cabhlaigh Gearmánach siar ó thuaidh ó Chionn Fhánada agus cailleadh í, cé gur sábháladh a chriú do 900 duine. Cuireadh trí long lena n-áirítear an RMS Olympic, de chúram chun iarracht a dhéanamh í a tharraingt isteach go dtí Loch Súilí ach bhris na línte tarraingthe sna farraigí troma agus cailleadh an Audacious.
Tá scriosadh an SS Empire Heritage ar cheann de na suíomhanna tumadóireachta is suntasaí san Eoraip. Chuaigh an tancaer gaile 15,000 tonna go tóin poill le hionsaí toirpéad ó U-Bád sa bhliain 1944, 20 míle ó thuaidh ó Chionn Mhálanna, agus é ar a bhealach ó Nua Eabhrac go Learpholl le lasta soláthairtí cogaidh. Cailleadh 113 duine. Tá cáil ar láthair loiscthe inniu mjar gheall ar an reimse tancanna Sherman atá scaipthe go scanrúil timpeall ghrinneall na farraige.
Ceann de na longbhristí is gaire dúinn ná SS Laurentic, long farraige Briotanach de chuid White Star Line. Tógtha i Harland & Wolff sa bhliain 1908, an bhliain chéanna leis an Titanic, rinneadh an Laurentic a athrú go cúrsóir trádála armtha ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Ar an 23 Samhain 1917, d’fhág an Laurentic ó Learpholl go Halifax, Ceanada le 479 ar bord agus lasta rúnda óir, íocaíocht i gcóir muinisin ó Cheanada agus ó na Stáit Aontaithe. Stop sí i mBun Cranncha dhá lá ina dhiaidh sin, faoi orduithe dochtúra chun ligean do líon beag paisinéirí a raibh siomptóim an fhiabhrais bhuí orthu dul i dtír.