Cairde

Is fiontar sóisialta faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht an phobail é Teach Solais Fhánada, atá suite ar Leithinis Fhánada i gContae Dhún na nGall.

Teach Solais Fhánada: Fiontar Sóisialta faoi stiúir an Phobail agus Mol Cultúrtha ag Teach Solais Fhánada

Osclaíodh an Teach Solais don phobal sa bhliain 2016 ag tairiscint lóistín i dteachíní na gcoimeádaithe solais mar a bhí isad agus turais threoraithe ar an teach solais. Forbraíodh é gus cuspóir soiléir leis; leas an phobail a chur chun cinn agus tairbhí pobail a sholáthar – ó thaobh eacnamaíochta, sóisialta, comhshaoil agus cultúir de.

I gceantar a bhí ag brath ar fheirmeoireacht bhunúsach agus ar iascaireacht, agus ina bhfuil meath ag teacht ar an daonra, is é an aidhm atá againn ná leas a bhaint as an turasóireacht agus í a fhorbairt mar acmhainn áitiúil inbhuanaithe, bunaithe ar Theach Solais Fhánada atá aitheanta go domhanda. Tá muid tiomanta d’fhorbairt pobail agus fiontraíochta agus do chruthú fostaíochta, agus cuirimid oidhreacht agus cultúr saibhir teanga an cheantair i gcroílár ár gcuid oibre.

Tá foirgneamh agus tailte an tí solais i seilbh an phobail áitiúil trí léas fadtéarmach ó Choimisinéir Soilse na hÉireann (CIL). Tá muid mar chuid de chuibhreannas Thithe Solais Mhóra na hÉireann agus i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara eile tá Comhairle Contae Dhún na nGall, Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta.
Mar sin féin, tá gnó Theach Solais Fhánada mar thionscadal turasóireachta pobail faoi stiúir an phobail áitiúil tríd an gcomhlacht neamhbhrabúis Forbairt Fhánada CTR. Tá sé mar aidhm ag an chomhlacht an úsáid inbhuanaithe is fearr a bhaint as an teach solais agus as acmhainní nádúrtha an cheantair chun Fánaid a dhaingniú agus a fhorbairt mar phobal inmharthana Gaeltachta le deiseanna agus caighdeán maith maireachtála do chách. Tá gach gné den tionscadal bunaithe ar leas an phobail agus bainfear úsáid as gach tairbhe a eascraíonn as an tionscadal, chun ár gceantar a fheabhsú.

Cuimsíonn eispéireas foriomlán an tionscadail tírdhreach agus muirdhreach iontach Leithinis Fhánada ina iomláine agus Teach Solais aitheanta Fhánada mar chroílár de. I suíomh den sórt sin, tá muid feasach dár bhfreagracht turasóireacht athghiniúnach a chur chun cinn agus cuireann muid prionsabail na hinbhuanaitheachta agus an gheilleagair chiorclaigh chun cinn ar gach leibhéal le linn an tionscadail.

Agus an foirgneamh stairiúil tí solais seo á chaomhnú agus á chothabháil mar acmhainn thairbheach pobail, leanfaidh bonneagar an tí solais a d’fhreastal ar an réigiún ó bunaíodh é sa bhliain 1817 dá chuspóir tosaigh, ag déanamh amhlaidh faoina chuspóir úr ar feadh blianta fada eile.

Tá muid fréamhaithe i nGaeltacht Fhánada, ceantar le hoidhreacht shaibhir teanga a shíneann siar thar na mílte bliain. Tá ár n-ionad oibre dátheangach agus tá ár bhfoireann sásta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. In éineacht leis an ghrúpa áitiúil teanga, Gaeltacht Bheo Fhánada, reáchtálann muid féilire imeachtaí i rith na bliana, ag caomhnú agus ag léiriú meas ar an ghné tábhachtach seo d’oidhreacht agus de chultúr ár gceantair.

Bunaíodh Cairde Theach Solais Fhánada mar ardán chun cumas a thabhairt do raon leathan daoine leasmhara, sa bhaile agus thar lear, cuidiú go gníomhach le pobal Fhánada Tionscadal Theach Solais Fhánada a fhorbairt mar fhiontar sóisialta.

Tá an tacaíocht seo ag cuidiú leis an bhforbairt leanúnach agus oibríocht inmharthana an tí solas mar acmhainn ag tabhairt tairbhe do Fhánaid agus don phobail níos leithne i nDún na nGall. Is cuid lárnach é Cairde, agus leanfaidh sé ar aghaidh mar chuid lárnach ag tabhairt cumas don phobal a fhís, a aidhmeanna agus a chuspóirí a bhaint amach maidir leis an phobal a fheabhsú agus a chothú – ó thaobh an gheilleagair, na sochaí, an chomhshaoil agus an chultúir de.

Bí i do bhall

Cad a bhfuil le rá ag ár mBall Sásta

quotation marks

Mar dhuine ó Fhánaid ó dhúchas, i mo chónaí i bhfad ó bhaile, tá mé chomh sásta go bhfuil mé in ann nasc mar seo a dhéanamh leis an teach solais. Nuair a bhí mé i mo chónaí i bhFánaid, bhí an teach solais dúnta don phobal; anois is eagraíocht rathúil neamhbhrabúis é, ag cruthú fostaíochta do dhaoine áitiúla. Is iontach an rud é a fheiceáil agus tá mé sásta tacú leis agus mothaím go bhfuil mé mar chuid de. ”

Michael McAteer, Chicago

Bí I DO

Chara

Mar chara, beidh tú páirteach sa tionscadal speisialta seo agus cuirfidh tú le cur i gcrích ár bhfís uathúil. Coinneoidh muid ar an eolas thú maidir lenár ngníomhaíochtaí trínár ríomhiris ráithiúil, bronnfaidh muid teastas cairdeas ort agus beidh tú i dteideal lascaine ar lóistín sa teach solais.

Má tá tuilleadh ceisteanna agat nó más mian leat labhairt linn, cuir glaoch ar an oifig ar 0749116020. Nó, líon isteach an fhoirm teagmhála thíos. Is mór an áthas dúinn cuidiú!

Lascaine ar lóistín. €100 = 5%, €250 = 10%, €500+ = 15%

Tá cairde corparáideacha againn fosta. Bí i dteagmháil más mian leat deiseanna a phlé do do ghnó chun páirt a ghlacadh.