Is Ceantar Speisialta Caomhnaithe, Ceantar faoi Chosaint Speisialta agus Limistéar Beartaithe Oidhreachta Nádúrtha é Chionn Fhánada, le héagsúlacht mhór flóra agus fána.
An Timpeallacht
Fiadhúlra Fhánada
Is ceann scríbe iontach é Fánaid do daoine ar mhaith leo nádúr. Tá raon leathan speiceas inár dtimpeallacht iontach cósta. Seans go mbeidh an t-ádh leat radharc a fháil ar chéiticigh, mar an míol mór eite, droimeitigh bheaga, cráin dhubh, deilfeanna nó muca mara. Tá go leor éan mara, éan cladaigh agus éin chreiche le feiceáil anseo, chomh maith le speicis atá i mbaol cosúil leis an traonach, lena nglaoch shainiúil.
Bígí ag faire amach do chuid de na héin seo a leanas ag an teach solais agus ar an chósta in aice láimhe – fulmaire, gainéad, broigheall, seaga, foracha, crosán, saidhbhéar, cánóg, faoileán, roilleach, luathrán, breacóg, feadóg chladaigh, crotach, lóma rua , lóma mór, gealóg shneachta, éadar, lacha earrfhada, gé ghlas, pocaire gaoithe, clamhán, fabhcún gorm, meirliún.
Is féidir an rón glas agus an rón coitianta a fheiceáil ar chósta thuaidh Fhánada. Tá an dobharchú, an laghairt agus an giorria sléibhe Éireannach le fáil sa cheantar fosta.
Faigh Aithne ar Ár gCladach
Is tearmann don bheatha é an cladach chomh maith. Baineann go leor de mhuintir Fhánada taitneamh feamainn a bhaint, mar shampla le duileasc, sleabhac agus carraigín lena n-ithe, Bailíonn siad cuachma chomh maith.
Má fhaigheann tú an deis, téigh chuig locháin charraige agus déan cuardach cois trá – bí ag faire amach do chuán mara, portáin crúbach, crosóga mhara, bundún mara, scian mhara, sliogáin dhubha, bairnigh agus b’fhéidir fiú sparán na maighdean mhara.
SPEICEAS FAOI LEITH
Gainéad
Is éan mara mór suntasach é an gainéad – bán ach barr dubh ar a gcuid sciatháin agus ceann órga sainiúil. Bíonn na ógánaigh donn den chuid is mó le breac bán. Is iascairí iontacha iad agus tá clú agus cáil orthu as a mbuamáil ingearach, ardluais, isteach san fharraige ó airde iontach – radharc a chaifear a fheiceáil.
Caitheann gainéid an chuid is mó dá saol ar muir agus is féidir taisteal píosa fada chun bia a fháil – ní chuirfeadh turas fillte 200km isteach orthu chun a gcuid ógánach a chothú! Tógann sé thart ar 4 bliana sula sroicheann gainéad aibíocht, agus is iontach an rud é gur féidir leo maireachtáil suas go dtí 35 bliain.
Cosaint Fiadhúlra
Tá go leor bagairtí ar an bhfiadhúlra amach ónár gcósta, agus déanann muid ár ndícheall ár dtionchar ar ár dtimpeallacht áitiúil a laghdú, agus cuairteoirí a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh.
Tá plaistigh ar cheann de na fadhbanna is mó atá ag bagairt ár mbeatha muirí agus is é sin an fáth go bhfuil muid ag dul i ngleic le plaistigh mar thosaíocht inár mbeartas inbhuanaitheachta. Ag Teach Solais Fhánada níl aon phlaistigh aonúsáide againn inár ngnó. Gan soip, gan málaí plaisteacha, gan aon bhuidéil phlaisteacha!
TREOIRLEABHAR
Beartas Inbhuanaitheachta 2021-2022
“Turasóireacht a chuireann san aireamh go hiomlán a tionchair eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, faoi láthair agus sa todhchaí, agus a thugann freagra ar riachtanais na gcuairteoirí, an tionscail, an chomhshaoil agus na bpobal óstach”. – UNWTO
Cuir Turas in áirithe
Le haghaidh cuairte fíorspeisialta ar Theach Solais Fhánada, tá ár n-eispéireas turais treoraithe riachtanach. Is daoine áitiúla iad ár gcuid treoraithe go léir agus is féidir leo léargas barántúil a thabhairt duit ar leithinis Fhánada agus ar an saol ag Teach Solais Fhánada.