Áiseanna s'Againne

Tá caifé agus siopa ceardaíochta, páirceáil, leithris agus áiseanna inrochtana san ionad cuairteoirí.

‘Ag tuile is ag trá a chaitheann an fharraige an lá’

Seanfhocal

FAIGH GREIM LE hITHE AG AN IONAD CUAIRTEOIRÍ

Caifé an Tí Solais

Tá Caifé an Tí Solais againn ar an láthair, áit a bhfuil tae, caife, sneaiceanna, uachtar reoite agus bácáil bhaile ar fáil. Tá roghanna caife gan táirgí déiríochta ar bith againn agus uachtar reoite veigeánach chomh maith. Bheadh na sólaistí seo foirfe ag tús do thurais nó ina dhiaidh.

Suigh síos agus caith uair an chloig le ceann de na radharcanna is fearr in Éirinn, ag amharc ar thonnta fiáine an Atlantaigh ag teacht agus ag imeacht. Tá áit le suí taobh amuigh atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí.

téigh isteach sa siopa ceardaíochta

Bronntanais Lámhdhéanta

Tá neart táirgí Éireannacha ar fáil sa tSiopa Ceardaíochta, cuid mhór acu sin atá lámhdhéanta, a fhaightear go háitiúil, agus nach ndéanfaidh dochar don timpeallacht. Sa réimse táirgí atá againn tá gallúnacha Dhún na nGall, bréidín Dhún na nGall, maighnéid adhmaid, cártaí & priontaí, pictiúirí, leabharthaí, pinn lámhdhéanta, seodra, éadaí, bréagáin bhoga, ceardaíocht lámhdhéanta agus go leor eile.

Deis ar dóigh le bronntanas ar leith a phiocadh suas do dhuine, nó giota airgid a chaitheamh ort féin! Nach bhfuil tú ábalta bualadh isteach chugainn? Tá tú ábalta réimse beag earraí a cheannach ón tsiopa ar líne atá againn.

Tá muid tiomanta do pholasaí timpeallachta iontaofa agus

Déanann muid Achan Iarracht Laghdú, Athúsáid agus Athchúrsáil a dhéanamh

Tá muid tiomanta don inbhuanaitheacht. Déantar na cupáin beir leat s’againn uilig as ábhair phlandaí in-bhithmhillte, inmhúirínithe.

Ní dhíolann muid buidéil phlaisteacha ar bith ar an láthair agus cuireann muid lascaine 20% ar fáil do dhuine ar bith a úsáideann a gcuid mugaí féin beir leat fá choinne tae agus caife. Seachnaíonn muid cuimhneacháin phlaisteacha agus plaisteach aonúsáide. Léigh tuilleadh faoin pholasaí inbhuanaitheachta s’againn anseo….

TUILLEADH EOLAIS

Áiseanna & Rochtain

Páirceáil do Charranna Saor in Aisce

Páirceáil do Bhusanna

Rochtain do chathaoireacha rothaí ar an bhunurlár sa teach solais

Go leor áiteanna páirceála do rothair

Binsí picnice atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí

Áit friothála ar naíonáin

Book a Tour

For a truly special visit to Fanad Lighthouse, our guided tour experience is a must. All our guides are local and can give you an authentic insight into the Fanad peninsula and life at Fanad Lighthouse.

BOOK A TOURBOOK A STAY

Recent Posts on Instagram

Stay up to date

Sign up now for occasional news and offers

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.