Tithe Solais Móra na hÉireann

Tá Teach Solais Fhánada ar cheann de Thithe Solais Móra na hÉireann, tionscnamh turasóireachta uile-Éireann forbartha ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann.

Tá muid i measc na laochra

Tá achan cheann de na tithe solais seo oscailte don phobal le turas a dhéanamh thart orthu, le fanacht iontu, nó an dá rud sin – cosúil le Teach Solais Fhánada! I mí na Bealtaine achan bhliain, cuireann Tithe Solais Móra na hÉireann tús leis an tséasúr le Shine a Light on Summer Festival. Is fiú go mór cuairt a thabhairt uirthi.

Tacaíonn an clár trasteorann INTERREG IVA an Aontais Eorpaigh, arna bhainistiú ag Comhlacht Clár Speisialta an AE, le tionscadal Thithe Solais Móra na hÉireann. Cad chuige nach mbeadh sé mar sprioc agat dul chuig achan cheann de Thithe Solais Móra na hÉireann?!

great lighthouses or ireland
great lighthouses or ireland
great lighthouses or ireland
great lighthouses or ireland

Tithe Solais Móra na hÉireann

Is tionscnamh nuálach turasóireachta é ‘Tithe Solais Móra na hÉireann’ atá forbartha ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann leis na foirgnimh ghalánta seo thart ar chósta na hÉireann a oscailt don phobal agus le saol nua a thabhairt isteach ina bpobail. Tá scéalta thar barr agus féiniúlacht ar leith ag achan cheann acu, agus, mar chomhthionól, cuireann siad eispéiris gan sárú ar fáil do chuairteoirí i gcuid de na háiteanna is áille in Éirinn.

Gailearaí Físeán Thithe Solais Móra na hÉireann

Tá samhradh lán spraoi agus spóirt
os do chomhair amach
Tithe Solais Móra na hÉireann
Físeán Poiblíochta
Réamhrá ar Shoilse na hÉireann
le Tithe Solais Móra na hÉireann
Foghlaim tuilleadh faoi Shoilse na hÉireann
le Yvonne Shields O'Connor
Saol an Choimeádaí Tí Solais
le Fergus Sweeney (An Fód Dubh)
Saol an Choimeádaí Tí Solais
le Tithe Solais Móra na hÉireann

Fan thar oíche ag Teach Solais Fhánada

Samhlaigh tú féin ag amharc ar sholas an tí solais ag lonrú thar an leithinis agus an oíche ag titim. Múscail ar maidin le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara. Amharc thart ar thírdhreach galánta garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.

CUIR ÁIT IN ÁIRITHE LE FANACHTCUIR TURAS IN ÁIRITHE

Recent Posts on Instagram

Stay up to date

Sign up now for occasional news and offers

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.