Is í Slí an Atlantaigh Fhiáin an bealach turasóireachta cósta is faide ar domhan! Síneann sé 2,500km ó Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall go Cionn tSáile in Iarthar Chorcaí. Tá cuid de na háiteanna is deise in Éirinn le feiceáil ann – agus an fharraige mhór feadh chósta garbh an iarthair.
Slí an Atlantaigh Fhiáin
15 Iontas
Shlí an Atlantaigh Fhiáin
Ar feadh an bhealaigh tá pointí aimsithe ar leith – áiteanna ina bhfuil ábhar iontais nó áilleacht ar leith. Ansin tá pointí sár-radhairc – ’15 Iontas Shlí an Atlantaigh Fhiáin’, áiteanna a bhfuil clú agus cáil orthu agus a chaithfidh tú a fheiceáil. Tá 3 phointe sár-radhairc i nDún na nGall – Sliabh Liag, Cionn Mhálanna agus Cionn Fhánada.
15 IONTAS
Shlí an Atlantaigh Fhiáin
Is aitheantas é a bheith roghnaithe mar Phointe Sár-Radhairc d’áilleacht agus stair Chionn Fhánada, agus bhí ról ríthábhachtach aige sin chun Teach Solais Fhánada a fhorbairt mar tharraingt do chuairteoirí agus turasóireacht a chur chun cinn san áit ghalánta iargúlta seo.
Cad chuige a ndéanfá faoi dheifir é? Tá go leor leor le feiceáil i gContae Dhún na nGall. Thiocfadh leat seachtainí a chaitheamh ag spaisteoireacht cois cósta ón phointe is faide ó thuaidh in Éirinn ag Cionn Mhálanna go dtí na haillte farraige ar leith ag Sliabh Liag i ndeisceart an chontae – deirtear gur na haillte farraige is airde san Eoraip atá iontu!
CAIDÉ MAR A THABHARFAIDH TUSA FAOI
Shlí an Atlantaigh Fhiáin?
Thig leat tabhairt faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin ar bhealach ar bith – sa charr, de shiúl na gcos, ar do rothar nó ar chapall fiú! Is maith le daoine áirithe tabhairt faoin dúshlán chun na stampaí ar fad ar Phas Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bhaint amach, i mbabhta amháin nó thar chúpla babhta.
Lena dhéanamh giota beag níos fusa, thiocfadh leat díriú ar Cheann Tíre Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Le 39 Pointe Sár-Radhairc, áilleacht nádúrtha, pobail tuaithe lán le pearsantacht, caisleáin, tithe solais, tránna agus cuanta, níl dabht ach go gcuirfidh ceann na tíre i nDún na nGall turasóirí faoi dhraíocht.
Stay Overnight at Fanad Lighthouse
Imagine watching the light’s beam sweep across the peninsula as darkness falls. Wake up to the sound of waves and seabirds. Explore the beautiful, rugged landscape of Fanad and North Donegal by day.






