Dearbhán do Thuras/do Shiopa/do Chaifé an Tí Solais

An bhfuil tú ag pleanáil cóisir bhreithlae eile? An bhfuil tú ag iarraidh smaointiú ar bhronntanas do dhuine a bhfuil achan rud acu? An bhfuil tú ag iarraidh bronntanas speisialta a thabhairt do dhuine agus eispéireas a cheannach daofa seachas tuilleadh truflaise?

Thig leat do dhearbhán féin a dhearadh – seans go bhfuil tú ag iarraidh dearbhán a cheannach don teaghlach, do do ghrá geal nó seans go bhfuil tú ag iarraidh giota beag níos mó a chur air le go mbeidh an duine ábalta bronntanas a roghnú daofa féin ag Siopa an Tí Solais nó sa Chaifé.

(Seolfar dearbháin fá choinne turais trí ríomhphost chuig an duine a cheannaíonn é nó chuig an fhaighteoir, tá an rogha sin agat!)

Nó thiocfadh leat iontas a chur ar dhuine inteacht le dearbhán bronntanais le fanacht i lóistín ar leith i dteachín ag Teach Solais Fhánada – is cinnte go mbeidh siad iontach sásta le bronntanas chomh speisialta sin!

 

Do Dhearbháin Lóistín an Tí Solais Brúigh Anseo

 

SKU: tours-gift-card Category:

Description

Dearbhán bronntanais a thiocfadh leat a úsáid le turais, earraí sa tsiopa agus deochanna sa chaifé a cheannach.
Is féidir é seo a úsáid ar an láthair amháin (gan cód le ceannach ar líne, ach is féidir é a chur in áirithe de láimh roimh ré).