Loistín ag Teach Solais Fhánada
Samhlaigh thú ag amharc ar sholas an Tí Solais ag scuabadh na leithinse agus an oíche ag titim. Dúisigh le fuaim na dtonnta agus na n-éan mara.
Breathnaigh ar thírdhreach álainn garbh Fhánada agus Thuaisceart Dhún na nGall i rith an lae.
AN RAIBH A FHIOS AGAT GUR FÉIDIR LEAT
Fanacht thar oíche i dTeach Solais Fhánada?
Le haghaidh eispéireas fíor-uathúil, fan thar oíche i gceann de na tithe solais is íocónaí in Éirinn. Is teach solais atá fós i mbun oibre agus pointe fonnachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin é, agus is cinnte gur ceann é seo le cur ar do liosta mianta.
Tá lóistín ag Teach Solais Fhánada ar fáil i rith na bliana i dtrí theach álainn a bhíodh mar thithe ag iar-choimeádaí an tí solais, agus radharcanna iontacha farraige le feiceáil astu go léir. Athchóiríodh na tithe sa bhliain 2015, agus cé go bhfuil siad lán de sheancharachtar traidisiúnta, tairgeann siad gach áis nua-aimseartha don fhaoiseamh is foirfe.
Bain barr taitnimh as nádúr fhiáin an tsuímh álainn seo agus tóg sos digiteach ón saol nua-aimseartha.
Infhaighteacht & Áirithintí
TABHAIR BRONNTANAS
Dearbháin Lóistín
Ar mhaith leat lúcháire a chuir ar dhuine speisialta ar lá breithe mór, comóradh, scoir, nó ócáid ar leith?
Chun an ‘Wow!’ sin a bhaint amach, is bronntanas iontach é dearbhán loistín ag Teach Solais Fhánada.
Is féidir leat an dearbhán a sheoladh le teachtaireacht phearsantaithe trí ríomhphost nó mar chárta bronntanais clóite sa phost.
CAD LE DÉANAMH
Pleanáil do Thuras
Ag smaoineamh ar cé chomh fada is ar cheart fanacht agus na turais lae ar féidir leat a dhéanamh ar fud an chontae, agus Teach Solais Fhánada mar do bhunáit? Féach ar ‘Pleanáil Do Chuairt’ le haghaidh rogha radharcanna iontacha agus gníomhaíochtaí spreagúla a fheiceáil sa cheantar
Tá saibhreas tránna, siúlóidí cósta agus cnoic, surfáil, cadhcáil agus cúrsa gailf 18-poll ar fáil ar leithinis Fhánada.

















