https://www.youtube.com/watch?v=YO-59Nbila8

Turais Teach Solais Fhánada

“Is eispéireas uathúil é turas Theach Solais Fhánada atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in Éirinn. Tá sé lán de stair, a chuirtear ar fáil ag foireann treoraithe áitiúla den scoth. Seo turas nach mór é a dhéanamh!!”
Bren Whelan, TripAdvisor

GLAC PÁIRT INÁR

Eispéireas Teach Solais

Chun cuairt fíorspeisialta a thabhairt ar Theach Solais Fhánada, tá ár n-eispéireas turais treoraithe riachtanach. Is treoraithe áitiúla iad ár gcuid treoraithe go léir agus is féidir leo léargas barántúil a thabhairt duit ar leithinis Fhánada agus ar an saol ag Teach Solais Fhánada.

Foghlaimeoidh tú faoi shaol choimeádaithe an tí solais agus a dteaghlaigh a bhí lonnaithe anseo.

Tá scéalta grá agus caillteanais, cruatan agus seasmhacht ann. Faigh amach an dóigh a d’athraigh an solas féin thar na céadta bliain, agus an dóigh atá an teicneolaíocht is déanaí tar éis tithe solais a chlaochlú.

Agus, le haghaidh seal spraíúil dodhearmadta, téigh go barr an túir le haghaidh radharc iontach ciorclach ar Thuaisceart Dhún na nGall, an tAtlantach agus Loch Súilí. Le cabhair ó chlostreoraithe, tá ár dturas ar fáil anois in Iodáilis, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis chomh maith le Gaeilge agus Béarla.

Tabhair faoi deara, le do thoil, ní mór do pháistí a bheith ar a laghad 1.2m ar airde chun an túr a dhreapadh.

Le haghaidh eachtraspleodrach, is féidir le do ghrúpa dul ar bord an Saldanha le haghaidh ár Eispéireas Réaltachta Fíorúil ‘An Stoirm, An Fharraige, An Saldanha’

Glac am le léirthuiscint a fháil ar na seónna cois cósta a thagann chun solais in Éist, spás le suí agus  scéalta agus fuaimeanna glúnta saoil a ionsú i dteach solais Ghaeltachta i suíomh uathúil.

Ag coinneáil leis an eispéireas ilchéadfach, tabhair cuairt ar AMHARC chun féachaint ar shaol na farraige agus ar na héanlaith ar ár chósta, foghlaim faoina nósanna, a gcuid fuaimeanna, agus seans go bhfeicfeá roinnt deilfeanna nó fiú míol mór!

CUIR TURAS IN ÁIRITHE
fanad lighthouse tours

An bhfuil tú réidh chun cuairt a thabhairt orainn?

fanad lighthouse

Turas leis an Túr

FEARAINN & SPÁSANNA TAISPEÁNTAIS SAN ÁIREAMH

Foghlaim faoi lucht coimeádta na dtithe solais, na longbhristí ar Loch Súilí, agus an chaoi ar tháinig an solas chun cinn thar dhá chéad bliain chun longa a choinneáil sábháilte ar an fharraige. Tóg na 76 céim go barr an túir chun radharcanna iontacha a fháil ar an talamh agus ar an fharraige. Téigh thart ar na fearainn agus na spásanna taispeántais ar do shuaimhneas, agus bain taitneamh as ár n-eispéireas túir treoraithe. Le cabhair ó chlostreoraithe, tá ár dturas ar fáil anois in Iodáilis, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis chomh maith le Gaeilge agus Béarla.

Chun Eachtra spleodrach abheith agat, bain triail as ár Eispéireas Réaltachta Fíorúil nua ‘An Stoirm, An Mhuir, An Saldanha’

Tar agus bain taitneamh as Éist fosta. Ár Eispéireas Fuaime nua ag Teach Solais Fhánada: Tóg am chun léirthuiscint a fháil ar na seónna cois cósta a thagann chun solais sa spás seo agus tú ag sú isteach na scéalta agus fuaimeanna ó ghlúnta de shaol i dteach solais Gaeltachta i suíomh uathúil.

Ag coinneáil leis an eispéaras ilchéadfach, tabhair cuairt ar AMHARC chun féachaint ar shaol na farraige agus ar na héanlaith ar ár chósta, foghlaim faoina nósanna, a gcuid fuaimeanna, agus seans go bhfeicfeá roinnt deilfeanna nó fiú míol mór.

UAIREANTA OSCAILTE

D’fhéadfadh athrú teacht ar amanna oscailte, seiceáil le do thoil sula dtaistealaíonn tú.

EANÁIR-FEABHRA
  • Máirt - Domhnach 11:00 - 16:00
Oscailte go dtí 5pm Dé Sathairn & Dé Domhnaigh
MÁRTA-AIBREÁN-BEALTAINE
  • Máirt - Domhnach 10:00 - 17:00
(dúnta Dé Luain)
MEITHEAMH-IÚIL-LÚNASA-MEÁN FÓMHAIR
  • Luain - Domhnach 10:00 - 18:00
Ar oscailt 7 lá na seachtaine
DEIREADH FÓMHAIR-SAMHAIN-NOLLAIG
  • Máirt - Domhnach 10:30 - 16:00
gift card

TABHAIR BRONNTANAS

Dearbháin Turais

An bhfuil fonn ort áthas a chur ar dhuine éigin le lá speisialta in áit níos mó ‘rudaí’?

Is féidir leat do dhearbhán bronntanais féin a shaincheapadh – bíodh sé ina phas teaghlaigh, pas lánúine, nó cur creidmheas beag breise leis ionas gur féidir leo bronntanas a roghnú dóibh féin ag Siopa an Tí Solais nó sólás a fháil sa chaife.

CUIR IN ÁIRITHE ANOIS

Ag cur turas in áirithe do ghrúpa?

Tá taithí ag ár dtreoraithe ar thurais ghrúpa de gach méid a bhainistiú. Lascainí grúpa ar fáil do ghrúpaí de 10+. Turais ghrúpa ar fáil ar feadh na bliana agus le h-áirithint déanta roimh ré.

fanad lighthouse tours

Turais Ghrúpa & Scoile

Tar agus faigh blaiseadh de chuid d’fháilteachas áitiúil Dhún na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, breathnaigh ar an chósta agus cloisigí scéal an tí solais seo, ó threoraithe áitiúla a bhfuil saibhreas eolais acu.

FOGHLAIM NÍOS MÓ

Fan suas chun dáta

Cláraigh anois le haghaidh nuachta agus tairiscintí ócáideacha

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.